Gaois

Rúin na hAthbhliana 2023

Blog post is available in Irish only

Seo thíos radharc beag ar chuid de na nithe a bheas ar bun ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2023.

Ta áthas orainn gur ceadaíodh maoiniú do thionscadal Logainm le haghaidh 3 bliana eile, agus beidh muid ag tosú i mbliana ar mhórthionscadal seiceála agus aistrithe sráidainmneacha, i gcomhair leis an mBrainse Logainmneacha agus na comhairlí áitiúla.

Tá sé i gceist againn ceardlann ar chúrsaí corpais a reáchtáil i dtreo dheireadh na bliana agus fógrófar é sin in am tráth. Foilseofar cuid den Chorpas Monatóireachta agus liostaí (eatramhacha) minicíochta chomh maith.

Ó thaobh cúrsaí teicniúla de, tá rún againn haiceatón a reáchtáil níos déanaí i mbliana chun forbróirí bogearraí le Gaeilge a thabhairt le chéile agus a chur ag obair ar shonraí Gaeilge. Tuilleadh eolais ar ball.

Tá sé i gceist againn cur le ballraíocht an Líonra Saineolaithe agus beidh feachtas feasachta á reáchtáil go luath san athbhliain chun saineolaithe le Gaeilge a aimsiú a bheadh sásta corrcheist a fhreagairt i dtaobh cúrsaí téarmaíochta laistigh dá réimsí féin.

Beidh muid i mbun teagaisc: tá modúl nua ‘FN568 Taighde Corpais’ á thairiscint ar an MA i Léann na Gaeilge, agus bíonn modúil ag mic léinn bunchéime Fiontar & Scoil na Gaeilge ar an ainmneolaíocht, ar an teangeolaíocht, agus ar an téarmeolaíocht chomh maith. Tá muid ag súil le cúpla deis ár gcuid taighde a chur i láthair, sa Bhruiséil (ag comhdháil faoi chailliúint réimsí) agus ag cruinniú mullaigh EAFT i mBarcelona.

Coinnigh súil ar an mblag seo, ar an nuachtlitir agus ar mheáin shóisialta na dtionscadal éagsúil don nuacht is déanaí le linn na bliana.

Údair: Úna Bhreathnach