Rúin na hAthbhliana 2025
Seo thíos nóta faoi na nithe a bheas ar bun ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2025.
Reáchtálfar comhdháil mar gheall ar cheisteanna corpais i dtreo dheireadh na bliana. Foilseofar eolas faoi seo go luath. Beimid féin ag freastal is ag caint ag comhdhálacha thar lear is in Éirinn. Labhróidh Andrea Palandri mar gheall ar chúrsaí canúna i Saarbrücken na Gearmáine agus labhróidh Úna Bhreathnach ar chúrsaí pleanála téarmaíochta ag Cruinniú Mullaigh EAFT in Innsbruck i mí na Samhna.
Tá muid ag súil go mór leis an taighde atá ar siúl againn i gcomhar le Cartlann RTÉ agus le Coimisiún na Meán ar chanúintí na Gaeilge a chur i láthair an phobail i mí an Mhárta.
Leanfaidh an obair ar Dúchas – foilseofar baisceanna ábhair ón bPríomhbhailiúchán, ón mBailiúchán Fuaime agus ón mBailiúchán Grianghraf go rialta – agus ar Logainm, áit a bhfuil taighde ar bun againn ar shráidainmneacha na tíre. Beidh muid ag obair ar Téarma agus cur leis an gCorpas Comhthreomhar ar Gaois. Foilseofar beathaí nua ar Ainm. Agus cuirfear milliún focal d’ábhar urlabhra leis an gCorpas Náisiúnta.
Beimid ag comhoibriú leis an Dr Jonathan Cherry ó Scoil na Staire & na Tíreolaíochta (DCU) ar shraith ceardlann maidir le caomhnú mionlogainmneacha agus úsáid árdán Mheitheal Logainm.ie (seolfar Leagan 2.0 den suíomh seo i mí Feabhra). Déanfar na ceardlanna seo a fhorbairt agus a sheachadadh (ar fud na tíre) le maoiniú ó scéim New Foundations Thaighde Éireann (Sraith 17 – An Chomhairle Oidhreachta).
Tá súil againn fáilte a chur roimh intéirnigh i rith an tsamhraidh; má tá spéis agat bheith linn tá eolas ar fáil anseo.
Coinnigh súil ar an mblag seo, ar an nuachtlitir agus ar mheáin shóisialta na dtionscadal éagsúla don nuacht is déanaí le linn na bliana.