Gaois

Scéalta agus Seanchas as Contae Chorcaí

Blog post is available in Irish only

Cuireadh tús le mórscéim bailithe béaloidis i scoileanna náisiúnta na tíre ar an gcéad lá de mhí Iúil 1937 ar ar tugadh ‘Scéim na Scol’. Thiomsaigh daltaí as 5,000 bunscoil i Saorstát Éireann tuairim is 740,000 leathanach idir 1937 agus 1939. Ba é Coimisiún Béaloideasa Éireann a chuir an scéim bailithe seo ar bun, agus i gContae Chorcaí ghlac breis agus 450 scoil páirt sa scéim agus ba é 125 imleabhar toradh a gcuid saothair. Déantar iarracht sa bhlagmhír seo cuid de na seoda deasa de bhéaloideas an chontae a léiriú.

Tá clú ar Ghobnait Naofa Bhaile Bhuirne agus de réir an scéil seo ‘tá a hainm i measc na naomh is cáilmhire in Éirinn’. Mar gheall air seo tá an-chuid scríofa fúithi in ábhar Chorcaí i mBailiúchán na Scol. Tá sé ráite go raibh beacha ag Naomh Gobnait agus gur úsáid sí iad ar mhaithe le daoine a chosaint. Seo scéal inár úsáid sí na beacha chun fáil réidh le saighdiúirí a bhí ag iarraidh ba a thógáil ó fheirmeoirí Bhaile Bhuirne.

Scrín Ghobnatan

Deirtear sa scéal seo gur banphrionsa ón Iarthar a bhí inti a ghabh cuing chrábhaidh. Dúirt a haingeal coimhdeachta léi dul go háit a bhfaigheadh sí naoi bhfia gheala agus ‘dein do bheannú is do lonnú san áit seo’. Tá cur síos an-sonrach ar Naomh Gobnait agus ar a saol sa scéal seo. Tá scéal spéisiúil eile faoi Naomh Gobnait agus a raibh ar siúl aici thuas ar Chathaoir Ghobnatan i nGort na Tiobratan. De réir an scéil seo, bhí caisleán á thógáil sa cheantar ag dream nár thaitin léi. Gach aon oíche chaitheadh sí bolla leis agus scriosadh sí an méid a bhíodh déanta acu.

Níor cheart tagairt a dhéanamh do Chontae Chorcaí gan Lios Carragáin agus an tAthair Peadar Ua Laoghaire a lua. Faightear léargas sna scéalta ó Scoil Charraig an Ime ar an meas a bhí ag muintir na háite ar an Athair Peadar, mar shampla, déantar cur síos sa scéal seo ar dhaoine cáiliúla sa cheantar agus luaitear an tAthair Peadar i dtús an scéil. Is féidir teacht ar chur síos an-chuimsitheach ar mhuintir Uí Laoghaire agus a thuilleadh faoi chúlra an Athar Peadar sa scéal seo.

Bíonn tarraingt mhór ag turasóirí ar Chloch na Blarnan agus dar ndóigh, tá roinnt tagairtí don chloch féin agus don chaisleán i measc ábhar Chorcaí. Deirtear sa scéal seo gur píosa de Chloch Sgàin atá sa chloch a thug muintir de Brús do Chormac Láidir Mac Cárthaigh. I scéal eile anseo tharrtháil Mac Cárthaigh bean agus mar chúiteamh thug sí rogha dó idir cumhacht, saibhreas nó dea-chaint. Roghnaigh sé an ceann deireanach agus dúirt sí leis dul abhaile agus cloch áirithe, Cloch na Blarnan, a phógadh.

Cloch na Blarnan

Maidir leis an gcaisleán féin, tá cur síos ar fáil sa bhailiúchán a luann cathain ar tógadh é agus cé a chónaigh ann. Anuas air sin tá sé ráite sa scéal seo mar a chuir muintir an chaisleáin ruaig ar fhórsaí Chromail. Deirtear freisin gur chaith muintir Mhic Cárthaigh a n-earraí luachmhara ar fad i loch chun iad a choinneáil óna naimhde agus go dtaispeánann Mac Cárthaigh é féin gach seacht mbliana – cibé duine a fheiceann é gheobhaidh an té sin na hearraí luachmhara ar fad!