Gaois

Stádas UNESCO bronnta ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann UCD

Blog post is available in Irish only

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Dé Céadaoin, 6 Nollaig, go bhfuil aitheantas faighte ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann UCD, ceann de na cartlanna béaloidis agus staire cultúrtha is mó san Eoraip, ó Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) as a bhailiúchán bunúsach - Cnuasach Choimisiún Béaloideasa Éireann 1935-1970 - atá curtha le Clár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain UNESCO.

@John_B_Howard ar Twitter © Jason Clarke Photography

Leis an aitheantas atá á thabhairt ag clár Chuimhne an Domhain UNESCO, tarraingítear aird ar an doiciméadú uathúil luachmhar ar chultúr na hÉireann atá faighte ag Coimisiún Béaloideasa Éireann agus atá i seilbh Chnuasach Bhéaloideas Éireann UCD. Aibhsíonn sé freisin, áfach, tiomantas UCD do chaomhnú agus cur chun cinn chultúr na hÉireann trína thaisclanna iontacha oidhreachta chomh maith lena oideachas den scoth agus a ghníomhaíochtaí taighde.

Bunaíodh an Clár i 1992 le haitheantas a thabhairt d’oidhreacht dhoiciméadach a measann saineolaithe a bheith de “shuntas den scoth” do chultúr an domhain. Níl aitheantas tugtha sa Chlár ach d’iontráil amháin eile de chuid na hÉireann go dtí seo, is é sin Leabhar Cheanannais, a cuireadh leis in 2011. Cuimsíonn an Clár 427 doiciméad agus bailiúchán ar fud an domhain, lena n-áirítear an Magna Carta, Dialann Anne Frank agus Taipéis Bayeux.

Cuimsítear go leor gnéithe de shaothar an duine, ón gcultúr ábhartha go litríocht ó bhéal, teanga agus léiriú ealaíonta leis na taifid fuaime agus scannáin, lámhscríbhinní agus ábhair chlóite uathúla. Is féidir raon d’ábhar cartlannaíochta ón Chnuasach a fheiceáil ag www.dúchas.ie agus ag digital.ucd.ie.

Bailiú Béaloidis: obair Choimisiún Bhéaloideas Éireann (1950), An Bailiúchán Grianghraf, M010.34.00020 © Cnuasach Bhéaloideas Éireann

D’fhógair an tAire Stáit McHugh go leanfar leis an obair atá ar siúl ar thionscadal Dúchas.ie don bhliain 2018:

“Bhí sé de phléisiúr agam le gairid suíomh gréasáin úr dúchas.ie a sheoladh, chomh maith leis an bhailiúchán is úire, an Bailiúchán Grianghraf. Tá a fhios agam go bhfuil tóir mhór ar an Bhailiúchán Grianghraf, lena dtugtar dearcadh úr ar oidhreacht shaibhir ilchineálach na hÉireann leis na mílte grianghraf as áiteanna ar fud na tíre, agus go mbaineann daoine ón Bhreatain, na Stáit Aontaithe, ón Astráil agus ó Cheanada, agus go leor tíortha eile, úsáid as.”

Is toradh é an tionscadal Dúchas ar chomhpháirtíocht, a bunaíodh in 2012, idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann in UCD, Leabharlann Dhigiteach UCD agus Fiontar & Scoil na Gaeilge, an t-aonad teagaisc agus foghlama trí mheán na Gaeilge in DCU.