Gaois

Téarmaíocht na Géarchéime

Blog post is available in Irish only

Ceann de fhothorthaí phaindéim COVID-19 is ea go bhfuil muid mar phobal tar éis eolas a chur ar an-chuid téarmaí teicniúla nach raibh de dhíth orainn roimhe seo, cuid acu úrnua ('infodemic' / 'faisdéim'?) agus cuid acu atá ann le fada ach a bhí teoranta do réimsí na heolaíochta agus an leighis go dtí le déanaí (an téarma 'coróinvíreas' féin). Thug na meáin chumarsáide suntas don chlaonadh sin agus foilsíodh a lán gluaiseanna agus ábhar mínithe eile cosúil leis an gceann Béarla seo ar TheJournal.ie agus an ceann cuimsitheach seo a d’fhoilsigh Tuairisc.ie le gairid. Bíonn tionchar mór ag na meáin maidir le téarmaí nua a scaipeadh agus a normalú agus bhí sé sin le sonrú le linn an earraigh agus clúdach cuimsitheach tomhaiste á dhéanamh ar gach gné den ghéarchéim ag leithéidí Raidió na Gaeltachta, TG4 agus Tuairisc.ie. Ag an am céanna, aithníodh easnaimh mhóra san eolas a d’fhoilsigh an Stát trí Ghaeilge i leith an ghalair, rud a d’fhág go raibh na leathanaigh eolais i dtaca le COVID-19 ar shuíomhanna áirithe rialtais easnamhach i gcomparáid lena macasamhail i mBéarla. Spreagadh go leor plé ar na meáin shóisialta faoi na ceisteanna seo agus ba léir go raibh tuairimí láidre ag daoine ina leith.

Nuair a d’fhógair DCU go raibh ciste le seoladh chun taighde a mhaoiniú ar ghnéithe éagsúla de phaindéim COVID-19 rith sé linn i ngrúpa taighde Gaois go mbeadh sé spéisiúil aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo. Chuir muid moladh le chéile go gcruthóimis bunachar téarmaíochta dátheangach ina gcruinneofaí le chéile na téarmaí teicniúla is mó a bhaineann le hábhar agus cúrsaí COVID faoi chaibidil. Rachadh a leithéid chun tairbhe aistritheoirí, iriseoirí, oideachasóirí agus duine ar bith a bheadh ag iarraidh gnéithe teicniúla den phaindéim a phlé trí mheán na Gaeilge. Ar ámharaí an tsaoil glacadh lenár dtionscadal ar thug muid 'Téarmaíocht na Géarchéime' air.

Tá an taighde téarmeolaíochta á déanamh againn in Terminologue, an córas bainistithe téarmaíochta a d’fhorbair grúpa taighde Gaois agus a chuir muid ar fáil saor in aisce ar líne in 2019. Tar éis dúinn foinsí téarmaíochta agus gluaiseanna éagsúla eile a scagadh tá breis agus 150 iontráil fhéideartha cláraithe againn in Terminologue. Roghnóidh muid na cinn is tábhachtaí astu sin agus cuirfear sonraí cuimsitheacha Gaeilge leo - sainmhínithe, samplaí úsáide agus, gan amhras, na téarmaí Gaeilge féin. Foilseofar an t-iomlán ar shuíomh Gaois ag deireadh an tsamhraidh.

Iontráil shamplach ón mbunachar

I measc na gceisteanna taighde atá againn tá:

  • An bhfuil teacht ar théarmaí Gaeilge ar na coincheapa nua seo uile?

Ní dóigh linn, mar shampla, go bhfuil leaganacha Gaeilge ann go fóill ar na téarmaí 'aguesia' agus 'anosmia' a chiallaíonn blas agus boladh a chailleadh faoi seach agus ar chomharthaí sóirt aitheanta iad de COVID-19 anois. I gcásanna mar seo cuirfidh muid iarratas ar aghaidh chuig an gCoiste Téarmaíochta.

  • An bhfuil na leaganacha Gaeilge atá in úsáid ag an bpobal ag teacht leis na leaganacha atá le fáil i bhfoilseacháin oifigiúla an Stáit?

I bhfoilseacháin áirithe atá eisithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) is é ‘cocúnú’ atá á thabhairt ar ‘cocooning’ - fanacht sa bhaile an t-am ar fad agus gan aon teagmháil a bheith agat le daoine eile - an chomhairle a cuireadh ar dhaoine leochaileacha le linn na dianghlasála. Díol suntais is ea nach é sin an leagan is mó atá in úsáid ar na meáin, áit a bhfuil ‘clutharú’ (ó 'clutharaigh': shelter; make warm, comfortable) níos coitianta.

Eolas ó shuíomh an HSE

  • Céard is féidir a fhoghlaim ó anailís chorpas-bhunaithe ar ábhar Gaeilge COVID-19?

Tá ábhar corpais de dhá chineál á thiomsú againn don tionscadal seo - ábhar aonteangach Gaeilge agus ábhar dátheangach Béarla-Gaeilge. Ar an leibhéal is bunúsaí tá acmhainní mar sin úsáideach chun téarmaí a aithint agus samplaí úsáide a aimsiú. Is féidir anailís níos doimhne a dhéanamh ar chorpais chomh maith, áfach, le pátrúin agus treochtaí suimiúla teanga a thabhairt chun solais. Tá súil againn go mbeidh muid in ann tuairisc a thabhairt ar an taighde sin lá níos faide anonn.

Coinnigh súil ar chuntas Twitter @gaois_ie don scéal is déanaí.

Údar: Gearóid Ó Cleircín