Gaois

Terminologue curtha ar fáil don phobal

Blog post is available in Irish only

Córas bainistíochta téarmaíochta is ea Terminologue a úsáidtear chun téarma.ie, an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge a bhainistiú. Tá leagan poiblí den chóras nua ar fáil anois, gan aon chostas, ag www.terminologue.org. Cuireann an tseirbhís nua seo ar chumas úsáideoirí bunachair théarmaíochta dá gcuid féin a fhorbairt agus a fhoilsiú.

Tabharfar treoir céim ar chéim sa bhlagmhír seo maidir le cnuasach téarmaíochta a chruthú agus a chur ar fáil go poiblí.

Leathanch baile Terminologue

I dtosach báire, ní mór duit cuntas a chruthú agus logáil isteach. Agus tú logáilte isteach, feicfidh tú rannán ar an leathanach baile dar teideal Do chuid cnuasach. Bíonn an rannán seo folamh ag an tús ach tá nasc ann chun cnuasach téarmaíochta nua a chruthú.

Mar a fheictear sa sampla thíos a cruthaíodh don bhlagmhír seo, beidh ort teideal, URL agus teimpléad a roghnú don chnuasach. (Is féidir na sonraí sin a athrú am ar bith níos déanaí) Bíonn URL ar leith ag gach cnuasach in Terminologue, mar shampla https://www.terminologue.org/sampla/, agus má fhoilsítear an cnuasach ar líne, is ag an URL sin a bheidh sé ar fáil. Cnuasach Simplí Dátheangach is ea an teimpléad a úsáidtear chun téarma.ie a bhainistiú ach d’fhéadfaí ceachtar de Cnuasach Simplí Aonteangach agus Cnuasach Simplí Ilteangach a roghnú chomh maith, ag brath ar do chuid riachtanas féin.

Nuair atá an chéim sin i gcrích agat, tabharfar go dtí an comhéadan eagarthóireachta thú, áit a gcruthaítear na hiontrálacha. Bíonn cúpla iontráil shamplach sa bhunachar cheana féin. Mar threoir amháin a cuireadh na samplaí sin isteach agus is féidir iad a scriosadh más mian leat.

D’fhonn iontráil nua a chruthú, cliceáil ar shiombail na splaince tintrí. Nuair atá an iontráil cruthaithe agat agus í sábháilte, taispeánfar ar thaobh na láimhe clé í.

Má chliceálann tú ar an iontráil arís, léireofar í sa spás ar thaobh na láimhe deise mar a gcuirtear na hiontrálacha in eagar. Cliceáil ar shiombail an phinn luaidhe chun an téarma féin a leasú nó chun réimse, intreoir, sainmhíniú, sampla úsáide, nóta nó bailiúchán a chur leis an iontráil.

An Comhéadan Eagarthóireachta

Ní hamháin gur uirlis eagarthóireachta í Terminologue ach, mar a luadh cheana, is uirlis í chun cnuasach téarmaíochta a fhoilsiú chomh maith. Is féidir é sin a dhéanamh sa rannán Cumrú. Má chliceálann tú ar Foilsiú agus má athraíonn tú na socruithe ó Príobháideach go Poiblí, cuirfear an bunachar ar fáil ag an URL a roghnaigh tú, díreach mar a fheictear thíos ar leathanach baile an chnuasaigh shamplaigh.

Spléachadh ar chnuasach téarmaíochta agus é foilsithe ar líne

Anois agus é foilsithe, is féidir le duine ar bith dul chuig an URL, breathnú ar an gcnuasach agus cuardach a dhéanamh ann.

Níl sa bhlagmhír seo ach treoir bhunúsach agus tá i bhfad níos mó treoracha agus samplaí ar shuíomh Terminologue féin. Má tá spéis agat tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig an leathanach seo.

Údar: Cathal Burke