Gaois

Torthaí ó shuirbhé 2016 ar úsáideoirí Gaois.ie

Blog post is available in Irish only

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar Gaois.ie i dtús na bliana chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Is léir ó na torthaí go bhfuiltear sásta den chuid is mó leis an suíomh agus le feidhmeanna an tsuímh, ach in amanna ní thuigtear go bhfuil neart acmhainní éagsúla ar fáil ann. Déanfar iarracht eolas a scaipeadh i measc an phobail faoi na hacmhainní ar Gaois.ie le linn 2017!

Rangaíodh na moltaí a tháinig isteach de réir catagóirí éagsúla. Pléitear cuid de na moltaí sin thíos.

Mura bhfuil do mholadh luaite anseo, seans gur luadh é i measc mholtaí 2015.

Moladh: Cuardach níos sainiúla a dhéanamh ag baint úsáid as uaschamóga sna cuardaigh.

Freagra: Aontaíonn foireann Gaois.ie gur moladh fiúntach é seo agus déanfar obair ar an gcuardach i mbliana chun an cuardach a éascú.

Moladh: Foinsí faoi leith a chuardach seachas an rogha idir ‘Gach Bailiúchán’ agus bailiúchán amháin mar atá ar fáil faoi láthair.

Freagra: Arís, aontaíonn an fhoireann gur smaoineamh maith é seo agus go mbeadh buntáiste ann don úsáideoir. Déanfar an cuardach a leasú agus cuirfear an rogha seo ar fáil le linn na bliana.

Moladh: Cuardach cliste a chur ar fáil sa bhailiúchán nathanna le go ndéanfaí cuardach ar théarma cuardaigh i measc na nathanna agus sa chur síos ar na nathanna ar fad.

Freagra: Bheadh cuardach mar seo spéisiúil agus luachmhar gan dabht. Cé nach bhfuil sé d’acmhainn againn a leithéid a fhorbairt faoi láthair, coimeádfar ar an liosta féidearthachtaí é amach anseo.

Má chuir tú ceist faoi leith sa suirbhé nár tugadh freagra air thuas, déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie.