Gaois

Trasna na dTonnta: Ó Ollscoil Notre Dame go hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Blog post is available in Irish only

Déanann Shane Wagy, mac léinn ó Ollscoil Notre Dame, cur síos sa bhlagmhír seo ar an tréimhse a chaith sé ag obair le grúpa taighde Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU.

Is cuimhin liom go raibh sé i gceist agam cúrsa airgeadais a dhéanamh ar an ollscoil. Cheap mé go mbeinn ag obair le banc infheistíochta lá éigin. Agus mé ag scríobh na blagmhíre seo, is deacair liom a chreidiúint nach mar sin a tharla! Tháinig athrú intinne orm nuair a chuala mé an Ghaeilge den chéad uair riamh le linn rang Gaeilge do thosaitheoirí. Eispéireas a bhí sna ranganna a chuir cor i mo shaol agus chinn mé ar stáidéar a dhéanamh ar Theanga agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame go luath ina dhiaidh sin.

Chuala mé go raibh Ollscoil Notre Dame ag tabhairt deiseanna do dhaoine intéirneachtaí a dhéanamh i mBaile Átha Cliath agus chuir mé isteach ar an scéim láithreach. Is cinnte nár shamhlaigh mé go mbeinn ag obair trí mheán na Gaeilge in Éirinn riamh. Agus caithfidh mé a rá go raibh eagla orm i dtosach, ach mhaolaigh m’imní nuair a bhain mé oifigí Fiontar & Scoil na Gaeilge amach.

Shane i mbun oibre in oifigí Fiontar & Scoil na Gaeilge

Agus mé ag obair ann, fuair mé léargas maith ar na tionscadail taighde trí chéile. Chaith mé an chéad chuid den intéirneacht i mbun oibre ar gaois.ie ag tiomsú téacsanna don chorpas aonteangach. Obair eagarthóireachta a bhí ann agus ba dheis mhaith í a bheith ag léamh na teanga agus ag cur le mo chuid Gaeilge. Tugadh an deis dom dul go dtí an Chartlann Náisiúnta chun taighde a dhéanamh ar ábhar an Ghúim níos déanaí san intéirneacht chomh maith. Rinne mé anailís ar an ábhar a bailíodh agus ghlac mé pictiúir de cháipéisí comhfhreagrais idir scríbhneoirí agus foilsitheoirí.

Shane agus a chara ar cuairt i gConamara

Bhí taithí den scoth agam in oifigí Fiontar & Scoil na Gaeilge. Ceapaim gur tháinig feabhas mór ar mo chuid Gaeilge agus d’fhoghlaim mé neart scileanna teicniúla chomh maith. Bhí faitíos orm ag an tús ach mar sin féin, ba mhór an chabhair dom é an Ghaeilge a chloisteáíl san oifig gach lá. Thug sé an deis dom dul i dtaithí ar fhuaimeanna na teanga agus mo stór focal a leathnú. Cé go bhfuil mo thréimhse in Fiontar & Scoil na Gaeilge thart, táim an-sásta go deo gur thapaigh mé an deis.

Tá go leor de mo chairde i Meiriceá den tuairim nach labhraítear ach Béarla amháin in Éirinn. Táim ag súil go mór leis an scéal sin a chur ina cheart.

Údar: Shane Wagy