Gaois

Tuairisc ar obair 2020

Blog post is available in Irish only

Foireann Gaois ar Zoom.

Ceann de na pleananna móra a luaigh muid, siar mí Eanáir, ab ea an chomhdháil dar téama ‘An Téarmeolaíocht faoi Dhúshlán’. Thug 2020, mar a tharla, tuiscint nua dúinn uile ar dhúshláin: bhí foireann uile Gaois agus na Scoile ar fad ag obair ón mbaile ó mhí an Mhárta ar aghaidh. Ainneoin gach ainneoin, agus na dúshláin a bhí le sárú ag chuile dhuine againn, lean obair na dtionscadal ar aghaidh agus go deimhin tharla roinnt forbairtí nua nach raibh súil againn leo.

Seoladh leagan nua de shuíomh Gaois i mí Bealtaine, agus na tionscadail éagsúla curtha i láthair air ar bhealach soiléir ar ghreille ar an leathanach baile. Feabhsaíodh an cur i láthair, agus cuireadh áiseanna cuardaigh níos fearr ar fáil sna hacmhainní teanga. Cruthaíodh foshuíomh iomlán nua (foinse oscailte) don doiciméadacht a bhaineann le hobair an ghrúpa taighde.

Forbairt úrnua a d’fhoilsigh muid i rith na bliana seo é bunachar sloinnte Gaeilge Gaois. Acmhainn í seo a chuidíonn le húsáideoirí litriú caighdeánach a fháil ar bheagnach 700 sloinne Gaeilge chomh maith le heolas gramadaí agus a gcomhionanna i mBéarla. Tá na sonraí sa bhunachar bunaithe ar shloinnte páistí a rugadh sna 26 chontae sa bhliain 2017. (Tá rún againn é seo a leathnú amach go dtí na 32 chontae agus go dtí an raon 2015–2020.)

Ó thaobh na téarmeolaíochta de, bhí neart ar siúl.

Tá córas bainistíochta téarmaíochta Terminologue ar fáil in ocht dteanga anois, agus é in úsáid sa Ghraonlainn, sa bhFionlainn agus i neart tíortha eile. D’úsáid mic léinn Fiontar & Scoil na Gaeilge é i mbliana, agus bunachair téarmaíochta dá gcuid féin á gcruthú acu i modúl ar an téarmeolaíocht.

Is é Téarmaíocht na Paindéime an tionscadal is mó a thagann le zeitgeist 2020. Le tacaíocht ó chiste taighde DCU, rinne muid taighde ar beagnach 100 coincheap a tháinig aníos i gcorpas d’fhoilseacháin rialtais agus ábhar iriseoireachta. Má tá téarmaí agus sainmhínithe uait ar chocúnú, dianghlasáilgéarshiondróm anacair riospráide, is anseo a gheobhfas tú iad.

Bhí neart téarmaí tráthúla idir chamáin ar téarma.ie agus in obair téarmaíochta an AE, chomh maith: luiteoga comhbhrú, cnuasach ráige, Frith-Bhreatimeachtóir, grád ríofa, liathróid ióga, mála in-bhithmhillte, socrú maidir le hobair ghearr-ama agus go leor eile nach ea.

Nó seans go raibh tú ag éalú ón bpaindéim chéanna is do do thumadh féin sa seanchas. Cheiliúir muid cúigiú breithlá Mheitheal Dúchas.ie i mí Feabhra, agus rinne na baill éacht oibre i mbliana, go háirithe i rith na dianghlasála: ar an lá ba ghníomhaí, 30 Aibreán, tras-scríobhadh 1,019 leathanach.* Cuireadh ábhar nua léitheoireachta as an bPríomhbhailiúchán le dúchas.ie, agus bealaí nua le dul i ngleic leis an ábhar. Seoladh innéacs de sheanscéalta idirnáisiúnta atá i mBailiúchán na Scol, innéacs atá bunaithe go príomha ar Innéacs Aarne-Thompson (AT) ina n-aithnítear móitífeanna coitianta i seanscéalta idirnáisiúnta. I measc na scéalta seo, tá leaganacha de Cinderella, An Gabha agus an Diabhal, scéalta faoi ghliceas an tsionnaigh, agus mar sin de.

Bhíothas ag cur le Meitheal Logainm.ie chomh maith i mbliana; cruthaíodh 4,618 taifead nua, agus cuireadh dhá bhailiúchán, Tionscadal Ainmneacha Páirce Fhine Gall agus Mionlogainmneacha Ghleann Átha leis. Rinneadh obair ar logainm.ie chomh maith, agus tá an bunachar ar fáil anois trí API poiblí. Cuireadh tús le taighde chun leaganacha Gaeilge a shocrú le haghaidh c.700 sráid.

Rinneadh forbairt shuntasach ar na corpais ar gaois.ie i mbliana. Ó thaobh ábhair de, tá 33.5 milliún focal anois i gCorpas na Gaeilge Comhaimseartha (ardú de 8.4m). I measc an ábhair nua tá cartlann COMHARTaighde; ábhar Gaeilge TEANGA, Iris Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí in Éirinn; cartlann Scáthán; agus Nuacht Raidió na Gaeltachta. Tá ardú de 4 mhilliún focal sa Chorpas Comhthreomhar. Chuir muid tús chomh maith le forbairt Chorpas Foclóireachta na Gaeilge, áis a mbainfidh foireann foclóireachta Fhoras na Gaeilge úsáid as an bhliain seo chugainn agus iad ag cur tús leis an gcéad mhórthionscadal foclóireachta eile.

Foilsíodh sé bheatha nua ar ainm.ie i mí Iúil, agus na daoine seo ina measc: Sorcha Chonaill Mhic Grianna, scéalaí; Seosamh Ó Guairim, file; Dónall Caird, easpag; Caoimhin Ó Nualláin, scríbhneoir; Nuala Nic Con Iomaire, scríbhneoir; Donnchadh Ó Corráin, scoláire. Tá sé cinn eile réidh le seoladh san Athbhliain.

Ó thaobh na teicneolaíochta de, thuig muid i mbliana an luach atá leis an obair atá ar siúl le tréimhse fhada chun na tionscadail ar fad a bhogadh go dtí an néal. Bhí muid in ann leanúint den obair, gan bhriseadh, fiú más ar scáileáin níos lú agus suite ar thoilg seachas ag deascanna a bhí muid. I measc na bhforbairtí eile taobh thiar de na cuirtíní, d’oibrigh muid ar Mhol na bhForbróirí, a thabharfaidh rochtain ar APIanna na dtionscadal agus ar acmhainní eile amach anseo, agus chruthaigh muid tionscadal foinse oscailte documental, ardán doiciméadachta teicniúla ilteangach.

Lean muid den nós atá againn glacadh le mic léinn taithí oibre ó chúrsaí DCU (MA san Aistriúchán) agus UCC (Dlí agus Gaeilge). Is ón mbaile a bhí Daniel, Muireann agus Darragh ag obair ach mar sin féin chuir siad go mór leis an obair agus tá muid buíoch díobh. Tá ár gcuid mac léinn dochtúireachta ag obair leo ar chúrsaí logainmníochta agus béaloidis. Cé gur beag taisteal a rinne muid, foilsíodh cúpla rud a bhain leis na tionscadail. Tá páipéar a tugadh ag Léachtaí Cholm Cille L faoi Mheitheal Logainm.ie agus Dúchas.ie ar fáil anseo. Gheobhaidh tú póstaer mar gheall ar Terminologue, a taispeánadh i Vaasa na Fionnlainne i mí Feabhra, anseo. Tá alt anseo i RTÉ Brainstorm faoi thagairtí don Fhliú Spáinneach i mBailiúchán na Scol.

*Tá na sonraí uile ceart don bhliain 01.12.19-01.12.20