#137011
Is leor focal amháin astusan chun acmhainn na cuimhne a ídiú.
Is leor focal amháin astusan chun acmhainn na cuimhne a ídiú.
Bhí an greann saobhchiallda a bhain leis an scéal á ídiú go sciobtha.
Cad é an t-ocras a bhí ag ídiú na scairte ann istigh?
Díocas air ag ídiú fuinnimh nó gur thuirsigh sé beagán.
Díocas air ag ídiú fuinnimh nó gur thuirsigh sé beagán.
Rósciobtha a bhí fad na bliana ag ídiú.
Dúshlán spéisiúil éigin ag teastáil chun brí agus fuinneamh na hóige a ídiú.
Go mórmhór, tagann siad as ídiú an ghrá – as neart do-ídithe an ghrá.
Nó, go liobarnach ina dhorn, mar go mbeadh air an iomarca fuinnimh a ídiú lena fháisceadh.
....a dúirt mé féin, ag ídiú mo chuid cantail air nuair a tháinig an chaint dom.
Bhí dlíthe agus nósanna na nGael á n-ídiú ar luas níos moille.
Choinneodh sé a stór focal mar a choinnigh sé a chuid airgid — slán gan ídiú.
Tá creimeadh agus ídiú tarlaithe sa tréimhse chéanna ar mhórán gnéithe de shainsprid Chumann Lúthchleas Gael.
Lón cogaidh is ea iad nach féidir a ídiú.
Bheadh acmhainní atá gann cheana féin á n-ídiú ar fheachtas frithBhriotanach Shinn Féin, dar leis.
Conas is féidir an t-ídiú áiseanna a laghdú gan baint den toradh?
Sna blianta fada deoraíochta, agus an seanchaiséad á ídiú, buailfidh mé le hAetópaigh thar lear.
Ansin lá arna mhárach, tuilleadh Difene síos sa mbolg atá á ídiú.
Tá líonta tí ag ídiú 24 líotar breise sa ló ar na saolta seo, a deirtear.
De réir a chéile, braitear an fuinneamh leasaithe ag ídiú agus an tseanpholaitíocht ag filleadh athuair.
Caithfidh tú níos lú calraí a ithe ná mar atá tú a ídiú.
Dúirt Yvonne Harris freisin gurb é is dóichí go n-eiseoidh Uisce Éireann ordú caomhnaithe uisce uair éigin an tseachtain seo mar gheall ar an triomach. Cé go bhfuil laghdú mór ar an méid uisce atá á ídiú ag gnólachtaí ó tugadh srianta sóisialta isteach, a dúirt sí, tá tithe cónaithe ag ídiú dhá thrian den soláthar náisiúnta faoi láthair. D'achainigh sí ar an bpobal uisce a chaomhnú má thig leo.
Go hiondúil tógann sé na blianta ar an aimsir agus gluaiseachtaí do choirp éadach an ribín a ídiú.
Mholfainn duit modh aclaíochta eile a aimsiú a thugann misneach, láidreacht, agus fuinneamh duit, seachas fuinneamh a ídiú!
Níor chualamar gleo na malrach eile a bhí sna cosa in airde ag ídiú fuinneamh na hóige.
‘Dán’ idir comharthaí athf hriotail ag Colm Breathnach féin an iarracht chéanna, déarfá, agus nach fiú leisean ná leis an gcriticeoir ídiú an philéir é.
Ligfimid do na húdaráis ár gcearta daonna a ídiú go dtí nach mbeidh fágtha ach an comhaontú.
Chaill aontachtaithe an ceart cumachtaí tromlaigh shíoraí a ídiú mar a bhí déanta acu ó bunaíodh an stát Tuaisceartach.
Is geolaí ola é a bhfuil taithí dhomhanda aige agus tugann sé rabhadh dúinn anseo ár slí mhaireachtála a athrú go luath, toisc ídiú iomlán ar bhreosla iontaise a bheith ag bagairt.
Tráchtaireacht atá anseo ar staid ina mbíonn go leor daoine, iad caillte, gan fios a slí, gach dóchas acu á ídiú de réir a chéile.
Rialtas amháin a amharcann ar an phobal mar acmhainn ag an tír; an rialtas eile ag plé leo mar ábhar is féidir a ídiú go furasta.
Ní fiú sin – ídiú fuinnimh agus iarrachta é, saothar in aisce a chráfaidh muid agus nach mbainfidh an frídín maitheasa is lú amach.
Más ag ídiú agus ag ionsaí na príobháide atá sí, ní ar mhaithe leis an saol i gcoitinne agus leis an duine féin a bheas sé sin, dar liom.
“Maidir leis an tSamhail Nua Maoinithe, beidh lá eile ag na heagraíochtaí Gaeilge.” Leis, tá cearta teanga á n-ídiú.
Stop an seanfhear go tobann i lár abairte agus d’iompaigh i dtreo an chrúsca mhóir ghloine ar an mbinse a raibh cuid mhór den leacht tar éis ídiú ann.
N’fheadar an mbeadh Madrid ag iarraidh an Chatalóin a choinneáil dá mba réigiún bocht é nó dá mbeadh sé ag ídiú an sparáin phoiblí in áit a bheith á ramhrú?
I gcás Chatagóirí B agus C, moladh gurbh fhearr díriú ar líonraí bisiúla Gaeilge a chothú, go háirithe i réimse an oideachais, seachas fuinneamh a ídiú ar an iliomad réimsí saoil.
Dúnaim mo shúile, agus ligim don uisce nascadh le mo chraiceann, an salachar ag titim uaim agus an teannas ag ídiú.
Bhí léacht amháin inar taispeánadh sleamhnán le dhá phláinéad go leith - sin atá ag teastáil chun daonra na cruinne a chothú má leanaimid linn ag ídiú acmhainní ag an ráta reatha.
I ndiaidh an bhuaicphointe sin, tosóidh an gás ag ídiú go dtí go mbeidh sé imithe ar fad i gceann deich mbliana nó mar sin.
‘Ach más ea, cén fáth sa diabhal a bhfuil sé á ídiú ormsa?’ an cheist a chuir sé ar féin.
Mhothaigh Naoise go raibh a chuid fuinnimh ag ídiú ag an bpointe sin ach lean sé air ag tarraingt ar a dhícheall.
Ní léiridís suim dá laghad i ngné ar bith de shaol na scoile ach iad ag iarraidh údarás an mhúinteora á ídiú sa rang.
Tá an t-am á ídiú, mar níl ach 180 lá nó mar sin fágtha go dtí go mbeidh an Bhreatain taobh amuigh den Aontas Eorpach.
Is féidir go gcuirfear an dlí ar an gceathrar, agus ar an dochtúir a thug comhairle do Bromson, de bharr gur coir é cuidiú le duine é féin a ídiú.
Níl aon cheart ar leith ag na hiascairí an acmhainn seo a ídiú go mífhreagrach bliain i ndiaidh bliana, faoi mar atá déanta acu leis na cianta.
*** Oíche ghaofar Déardaoin a bhí ann, trácht deiridh na cathrach ag ídiú, agus muid ag cur tús leis an bpleidhcíocht.
Tá an *veto,* atá á ídiú, conradh i ndiaidh conartha, an-tábhachtach do na ballstáit bheaga cosúil le hÉirinn.
Ní raibh baol ar bith go raibh fear gnó le suí siar ag breathnú ar an cúlchiste brabaigh á ídiú le gach eagrán.
Ach conas is féidir dul i ngleic leis an *brain drain* seo agus leis an ídiú acmhainne ó na Gaeltachtaí beaga?