#1305514
D’fhostaigh an Roinn Fiontair, Trádála agus Tionscail (an roinn eacnamaíochta anois) comhlacht darb ainm CEPA chun comhairle a sholáthar faoi conas úsáid fuinnimh inathnuaite a spreagadh.
D’fhostaigh an Roinn Fiontair, Trádála agus Tionscail (an roinn eacnamaíochta anois) comhlacht darb ainm CEPA chun comhairle a sholáthar faoi conas úsáid fuinnimh inathnuaite a spreagadh.
Thug CEPA fianaise don fhiosrú i Halla an tSeanaid i Stormont gur mhol siadsan scéim deontais chun luach ar airgead poiblí a chinntiú.
Níor theastaigh ón roinn scéim deontais a riaradh, arsa an finné, agus d’iarr siad ar CEPA na moltaí a theastaigh ón Roinn a chur chun cinn.
Ní maise ar bith ar CEPA an t-admháil gur athraigh siad a moltaí chun cliaint a shásamh agus is ar éigean a chumfadh siad scéal a dhéanfadh dochar dóibh.