Gaois

Search mode

Filter results

Collections

6 results in 2 documents

  1. #830624

    Tar éis do Brundage éirí as oifig in aois a cúig bliana agus ceithre scór, gabhadh buíochas leis ar thuairisc oifigiúil Choiste Oilimpeach Éireann as an gcinneadh a rinne sé, go luath i ndiaidh dó teacht in oifig mar uachtarán ar an C.O.I., an ceart a bheith ag iomaitheoir ar bith gur saoránach Éireannach é dul san iomaíocht thar cheann na hÉireann — bhíodh fadhbanna ag daoine ó na Sé Chontae roimhe sin.

  2. #151425

    a fháil sa tsiopa do chuairteoirí fadó so suím síos ar tholg nua cois teallaigh nua le cupán agus fo-chupán nua agus féachaim timpeall ar na ballaí ar na pictiúir ar na cuirtíní ar an bpáipéar balla tríd an bhfuinneog amach le doras ar clé ar fhaitíos go dtiocfadh sé isteach ag béicíl ar mo Mham na cuimhní i mo cheann mar a bheadh grianghrafanna i bhfrámaí ag stánadh amach ar an strainséir sa teach cé hé seo sin é athair do Dheaid cé hé seo sin é do Dheaid céard faoi seo sin í mo mháthair bhásaigh sí nuair a bhí mé sé déag b’shin a chuir tús le do thrioblóid a theastaíonn uaim a rá agus deirim mar nod don cé cuma chomh dian ar a héadan sin mar a bhídis ag an am grianghraf i stiúideo ar ócáidí speisialta tá a fhios a’at sin mar a bhí ag an am sin beidh cupán tae eile ní bheidh go raibh maith Jesus an bhfuil bealach ar bith go bhféadfaimis labhairt faoi rud éicint sunta– seo pictiúr a bhí sa pháipéir dínn ar fad nuair a thángadar amach le píosa a dhéanamh faoi theaghlach gaelach sin an tseanfhoirm den bhriathar arís agat guitar i mo lámh níor sheinneas riamh é ag iarraidh bheith i mo she loves you yeah yeah ye aintín cé a déarfadh ye luuk loike a beetle bean deartháir Mham as Liver– ní hea Learpholl leagan Gaeilge de samhlaigh é sin agus céard sea Manchain leanaim Manchain Aontaithe a Bhráthair na leaids ar fad á rá sa rang aige Manchain Aontaithe agus líne as amhrán éicint ón raidió ach ní sa teach seo ó no b’fhíorghaeil muide tóg anuas na pictiúirí amaideacha sin den bhalla tabhair ar ais an ceirnín sin a amad– le Dáls é ag béicíl rud éicint faoi airgead a thabhairt do ghiúdach éicint i Nua-Eabhrac muid a ghearradh amach tuige an ngearr– ní raibh ann ach flippin ceirn– ní raibh ann ach bearradh gruaige nach bhfuil a fhios agat nach féidir oileán de do chuid féin a chruth– nach cuimhin leat na teaghlaigh gaelacha arsa Mam nach cuimhin leat an lá sin an lá seo an pictiúr an teallach do chupán ag bualadh ar an bhfochupán go raibh tú ar tí an diabhal cupán céanna a chaitheamh i gcoinne an bhalla ach nár mhaith leat ar fhaitíos na duilleoga a chailleadh ar mhamó Mham a léifidh duit nóiméad ar bith anois iad nach shin é seomra lán de phúcaí sea sin agat anois é tú ag iarraidh a dhéanamh amach céard a bhí fágtha a d’aithneofá sa teach seo ag iarraidh theacht isteach ar rud éicint ag iarraidh breith ar d’aiféala ní hea ar eireaball spid– ní hea ar imeall an tsuíocháin agus an t-eitleán ag tuirl– ag titim isteach san fharr– ní hea féach ar d’aghaidh amach uait iad abair é d’fhéadfá rá chonaic mé ann iad mo mháthair is m’athair cois teallaigh i m’aice m’ath– is mo mhá– coi– tea– i m’aic– i ndiaidh chuile shórt is i ndiaidh na mblian– is na deo– i ndiaidh na báist– ... an tuar cea– ... i ndiaidh na Féinne a bhí Ois– i ndiaidh na bplandaí an bláth i ndiaidh na rós an seafhear is an tseanbhean in an english country gar– na puipéid ar an teilí chuirfidís sceoin orm fós i ndiaidh an tae amuigh ar an mbóthar sa samhradh i mo ghasúr ag canadh fine girl y’are i ndiaidh an lae an ghrian ag dul faoi na réaltaí ar bhrat na spéire sa leabhar beag scoile dia duit arsa an ghealach ach slán leat arsa an ghri– na gasúir ag dul abhaile ag Mam agus Deaid ní hea na boys and girls ar fad ag dul abh– going home le bheith cois teall– to watch tele le ma is da ach mé féin is mo dheartháir ag Mam is Deaid agus this old man he cried three ag na buach– is na cail– ach Dáls is mé le bog braon bog braon don tseanfhea– ní hea duin– ... he played nick nack paddy céard é féin ní paddies sibh ní irish pigs sibh ná bac leo haon dó ná héistigí leo muc is bó Gaeil muid ná dearmad é a bhuach– ná dearm– paddy wack on my knee le ma is da give a dog a what a bo cnámh tine cnámh Phádraig Críost liom Críost leis na Gaeil téir a chodladh cná– ní hea sá

  3. #151426

    lá seo an pictiúr an teallach do chupán ag bualadh ar an bhfochupán go raibh tú ar tí an diabhal cupán céanna a chaitheamh i gcoinne an bhalla ach nár mhaith leat ar fhaitíos na duilleoga a chailleadh ar mhamó Mham a léifidh duit nóiméad ar bith anois iad nach shin é seomra lán de phúcaí sea sin agat anois é tú ag iarraidh a dhéanamh amach céard a bhí fágtha a d’aithneofá sa teach seo ag iarraidh theacht isteach ar rud éicint ag iarraidh breith ar d’aiféala ní hea ar eireaball spid– ní hea ar imeall an tsuíocháin agus an t-eitleán ag tuirl– ag titim isteach san fharr– ní hea féach ar d’aghaidh amach uait iad abair é d’fhéadfá rá chonaic mé ann iad mo mháthair is m’athair cois teallaigh i m’aice m’ath– is mo mhá– coi– tea– i m’aic– i ndiaidh chuile shórt is i ndiaidh na mblian– is na deo– i ndiaidh na báist– ... an tuar cea– ... i ndiaidh na Féinne a bhí Ois– i ndiaidh na bplandaí an bláth i ndiaidh na rós an seafhear is an tseanbhean in an english country gar– na puipéid ar an teilí chuirfidís sceoin orm fós i ndiaidh an tae amuigh ar an mbóthar sa samhradh i mo ghasúr ag canadh fine girl y’are i ndiaidh an lae an ghrian ag dul faoi na réaltaí ar bhrat na spéire sa leabhar beag scoile dia duit arsa an ghealach ach slán leat arsa an ghri– na gasúir ag dul abhaile ag Mam agus Deaid ní hea na boys and girls ar fad ag dul abh– going home le bheith cois teall– to watch tele le ma is da ach mé féin is mo dheartháir ag Mam is Deaid agus this old man he cried three ag na buach– is na cail– ach Dáls is mé le bog braon bog braon don tseanfhea– ní hea duin– ... he played nick nack paddy céard é féin ní paddies sibh ní irish pigs sibh ná bac leo haon dó ná héistigí leo muc is bó Gaeil muid ná dearmad é a bhuach– ná dearm– paddy wack on my knee le ma is da give a dog a what a bo cnámh tine cnámh Phádraig Críost liom Críost leis na Gaeil téir a chodladh cná– ní hea sá culaith snámh an joke céanna chuile oí– chuile am this old man san uisce glan do shrón a smugairle róin chuile am a chuirfeadh duine éicint a thuairisc céard déarfá chuile am mar a bheadh uisce chuile bhliain mar a bheadh uisce sáile ná lig do chéard do mhaidí le sruth le merrily merrily merrily merrily life is but a derream arsa Deaideo ach nuair a d’fhiafraíodh chuile dhuine eile thar na merrily merrily blianta cén chaoi a bhfuil an tseanleaid céard déarfá níl a bloody merrily merrily fhios a’am ní fhaca leis na blianta é nó arbh fhearr go breá gan tada a rá cur i gcéill an rud is measa ar domh– deir tú agus ná hinis bréag do do Mham a dúirt tú sna tríthí agus lán gheansaí d’úlla goidte againn let’s do an r déarfadh na buach– look we’re doing an r go dtarraingeodh an litir sa chlábar lá báistí lá tirim thar bhalla isteach linn beirt mé féin is mo dhear– my two brave sons sa chistin ag Mam cén úlla a Mham cén dán a Dheaid an Piarsach a bhuach– gan aige ach peann luaidhe agus páipéar lena thóin a ghlanadh i gcillín ag na bastaird my two brave sons how are ye ag Mam ach tú féin sna tríthí ag breith ar an mbord agus ná húlla goidte ag titim ar fud an urláir an phraiseach ar fud an céard ar fud na mias arsa an gobán saor cérbh é an gobán saor ar chaoi ar bith gach rud ar eolas ag an ngobán friggin saor ach chaith siad an Piarsach ar chaoi ar bith agus a chomrádaí i gcathaoir na bastaird sínte ar thaobh an tsléi– pilé– tríd a ucht ach go ndúirt Dál ná habair ná habair a Mham go bhfuil sé beo away le Deaid arís agus Mam féachaigí bhur n-athair bocht ag casacht sa chathaoir agaibh piocaigí suas na húlla as ucht Dé a bhuach– ... tá mé tachtaithe agaibh arsa Deaid mar sin a rug Dáls ar an mbradán is cuimhin liom anois é i loch ar bhruach an tsrutháin gur chaith sé cloch leis a chuir amach ar an mbruach é gur thacht is gur rug abhaile leis é féach a Dheaid bradán by