#263967
D’inis dlíodóirí ar son an Stáit don Ard-Chúirt go gcuirfidh an Rialtas iarratas chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) , ar chás na ‘bhFear Cochaill ‘a atbhreithniú. Grúpa fear iad seo a ghaibh fórsaí slándála na Breataine i dTuaisceart Éireann i 1971.Rialaigh an ECHR i 1978 nach céasadh a bhí sa drochíde a tugadh do na fir fad a bhí siad faoi choineáil.Imríodh díothú céadfach ar na fir ar bhealaí éagsúla, ina measc cochall bheith orthu ar feadh tréimhse leanúnach, iad a fhágáil gan chiúnas, gna uisce, gan chodladh ná bia, agus iad a chur i riocht sceimhlithe.Rialaigh an ECHR i 1978 gur tugadh drochíde mídhaonna agus táireach do na fir ach nárbh ionann sin agus céasadh.