#344234
Is duine de Ghaelphobal idirnáisiúnta Twitter é Darragh atá ag cur faoi i Hong Cong.
Is duine de Ghaelphobal idirnáisiúnta Twitter é Darragh atá ag cur faoi i Hong Cong.
Ba i Hong Cong a rugadh O’Toole ach b’as Dún Geanainn dá athair.
I ngrúpa A tá Ceanada, An Nua-Shéalainn, An Bhreatain Bheag agus Hong Cong.
– Seirbhís aeir nua idir Baile Átha Cliath agus Hong Cong – ‘dea-scéala’.
Mar a thuigfeá ón ainm, is i Hong Cong a thosaigh sé.
Réigiún dlúthdhaonra é Hong Cong agus spréigh an fliú ann as éadan in imeacht coicíse.
As Hong Cong iad an chuideachta.
Bhí saol crua i Hong Cong ag an am.
Tá an tseirbhís sláinte saor in aisce anseo, ach níl i Hong Cong.
Fuarthas amach cá raibh sé in Hong Cong, agus b'éigean dó dul i bhfolach.
Is as Hong Cong máthair Shiobháin.
Lámhaigh Poilíní i Hong Cong duine a bhí i mbun agóidíochta le linn caismirtí a tharla le lucht agóidíochta i bhfábhar an daonlathais. Deir na hUdaráis Ospidéil i Hong Cong gur tugadh fear 21 bliain d'aois go dtí an t-Ospidéal agus gortú urchair ag dul do. Tuairiscítear sna Meáin áitiúla gur cuireadh an fear faoin scian agus go raibh drochbhail air. Seo an triú duine a bhí i mbun agóidíochta atá lámhachta ó cuireadh tús leis na hagóidí seo atá ar bun anois le 5 mhí anuas. Tharla an eachtra is déanaí seo i gceantar Sai Wan Ho. Inniu, bhí an lá is measa ag stocmhargaí Hong Cong le 3 mhí anuas agus praghas scaranna an Hang Seng ag titim 2.6% i bhfianaise na n-ionsaithe inar gortaíodh beirt go dona a bhí ag léirsiú ar son an Daonlathais.
Tuairim is bliain go leith ó shin bunaíodh craobh nua de Chonradh na Gaeilge i Hong Cong, agus i mí na Nollag seo caite, d’fhreastail an tAthair Dan Troy, sagart atá ag obair sa tSín, ar ócáid a bhí ar siúl i gConsalacht na hÉireann i Hong Cong.
Tá bainc, siopaí agus scoileanna i Hong Cong dúnta inniu de bharr agóidí móra ar shráideanna na cathrach.
Ar maidin scaoil na póilíní deoirghás leis na léirsitheoirí atá cruinnithe i lár na cathrach ach chuir siad cosa i dtaca. Forais airgeadais dúnta mar gheall ar agóidí Tá na léirsitheoirí ag cur in aghaidh rún Rialtas na Síne srianta a chur leis an toghchán a bheas ar siúl i Hong Cong i 2017. Teastaíonn ón rialtas i mBéising iarrthóirí don toghchán mar cheannaire Hong Cong a cheadú roimh ré.
Tá fiosrúchán ar siúl ag an Údaras um Chosaint Iascaigh Mhara maidir leis an tinneas noraivíreas a bhaineann le hoisrí a d'easpórtáil comhlacht as Dún na nGall go Hong Cong. Deir an tÚdarás go bhfuil an comhlacht próiseála atá i gceist ag tacú go hiomlán leis an bhfiosrúchán. Idir an dá linn, tá cosc sealadach curtha ag na húdaráis i Hong Cong agus i Macau ar oisrí amha as Dún na nGall a iompórtáil.
Tá an tÚdaras um Chosaint Iascaigh Mhara ag obair i gcomhar le hAmbasáid na hÉireann i Hong Cong, agus táthar ag iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar an gcosc go luath.
Bhí 8 eachtrannach i measc na marbh sa gceartlár turasóireachta; triúr as an tSín, beirt as Hong Cong, beirt as Malaeisia, duine as na hOileáin Fhilipíneacha.
Tá an-chur amach aige ar chúrsaí polaitíochta i Hong Cong agus na fadhbanna atá san áit le ceannasaíocht Bhéising.
Níor thosaigh Singh ag rith go raibh sé 89 agus, i dtús na bliana 2013, rith sé Maratón Hong Cong.
Sa bhliain 1979, tháinig os cionn 200 Vítneamach i dtír ó champaí i Hong Cong agus arís sa bhliain 1999, tháinig timpeall 1,000 duine chun cónaithe in Éirinn ón Chosaiv.
Baisteadh geilleagar ‘tíogair’ ar an Chóiré Theas, an Téaváin, Hong Cong agus Singeapór, iad uilig in oirthear na hÁise.
Cheannaigh sé an teach sna 1950í trí iasacht airgid a fháil óna dheartháir, ar caipitleach é i Hong Cong.
Agus imeachtaí fógartha cheana féin i gCeanada, Corcaigh, Hong Cong agus Leitir Ceannain, is cinnte go mbeidh tuilleadh imeachtaí ag preabadh chun cinn roimh dheireadh na féile.
Anois tá eolaithe ag Ollscoil na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta i Hong Cong i ndiaidh na teoiricí sin a chaitheamh i dtraipisí.
Chomh maith leis sin, reáchtáladh tuairim is 20 Pop Up taobh amuigh den tír seo in áiteanna ar nós Nua-Eabhrac, Perth na hAstráile, Hong Cong, Dubai, Toronto, Kansas agus Vermont.
Dhá fhoireann déag a bheidh ag glacadh páirte i gcomórtas na bliana seo, agus beidh Hong Cong agus an tSeapáin sna iomaíocht ann den chéad uair riamh.
Tá sé i gceannas chomh maith ar na cláir thar lear in Hong Cong, Singeapór agus Srí Lanca.
Bhí foirne ann ó chuile chearn – An Rúis, An Bhreatain, Hong Cong, Iosrael, Ceanada, agus ár gcairde ón Úcráin.
Ach má tá an ráig seo go dona ní tada é le hais Fliú Hong Cong a bhí againn caoga bliain ó shin.
Is í Hong Cong an chathair is daoire i gcónaí le teach a fháil ar cíos inti.
"D'fhan mé féin i Hong Cong ar dtús, ansin chuaigh mé go Sasana agus rinne mé céim sa chuntasóireacht.
Is as Hong Cong teaghlach Dean fosta agus tógadh i nGleann Ghormlaithe i dTuaisceart Bhéal Feirste é.
Mhínigh sé gur tháinig tromlach den phobal Síneach ó áiteanna faoin tuath i Hong Cong, as na Críocha Nua.
Tá an tAthair Seosamh Mallin beo agus tá sé ag obair leis go fóill i Hong Cong agus 97 bliain d’aois slán aige.
Tá Jessica pósta le fear as Hong Cong, Albert Tse, a bhfuil an Chantainis aige ón gcliabhán.
Tá an tsamhail chéanna ag aerlínte eile - Zoom, mar shampla, a théann ón Bhreatain Mhór go Ceanada, nó Oasis a théann ó Londain go Hong Cong.
Bhí cailín ann ó Hong Cong a raibh chuile amhrán de chuid Westlife de ghlanmheabhair aici, ach faraor ní raibh na cinn sin ar eolas agamsa!
Thosaigh rialtas Hong Cong ag cur brú ar Snowden an áit a fhágáil, agus fuarthas é go tobann i Moscó.
Agus, ar scála domhanda, is féidir anois eitilt gan stad a fháil ó Éirinn go dtí an Afraic, an tSeapáin, Hong Cong, Singapore agus gach coirnéal de na Stáit Aontaithe.
Tá an chéad duine tar éis bháis dá bharr i Hong Cong - fear 39 bliain d'aois a thug cuairt ar chathair Wuhan sa tSín le gairid.
Tá na daoine ar bhord na loinge sin curtha ar coraintín tar éis don víreas teacht ar iarphaisinéir, a tháinig den long in Hong Cong an mhí seo caite.
Comhlacht darbh ainm Siop Y Pentan i Caerfyrddin na Breataine Bige a dhear iad, agus rinneadh sa tSeapáin agus in Hong Cong iad.
B'as Hong Cong ó dhúchas é Kwok Ping Cheng ach bhí sé ina chónaí in Éirinn le roinnt blianta.
Ceadófar taisteal gan srianta coraintín freisin as Hong Cong agus Macau, dhá réigiún faoi réimeas riaracháin na Síne, nach raibh ceadaithe go dtí seo gan cómhalartacht.
Ar son Hong Cong, mar ar tógadh í, a bhuaigh an snámhóir Siobhán Bernadette Haughey an bonn tar éis di teacht sa dara háit sa chomórtas saorstíle 200 méadar.
Tá an tseirbhís ar fáil do dhaoine ón tír seo atá ag cur fúthu in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, sa tSín, i Hong Cong agus sa Pholainn.
Os cionn 60 cás den athraitheach a tuairiscíodh go dtí seo - idir an Afraic Theas, an Bhotsuáin, Hong Cong agus Iosrael.
Rinneadh amhlaidh de bharr imní faoin gcineál nua den choróinvíreas, an B.1.1.529 [Omicron] a deimhníodh san Afraic Theas, i bPoblacht na Botsuáine agus in Hong Cong.
Otharlanna Tá foireann deartha ceaptha le hOtharlann Shiel i mBéal Átha Seanaidh a fhorbairt. Dhéanfar Otharlanna an Shiel agus an Rock a chónascadh agus tógfar Aonad úr le 80 leaba. Dhéanfar an Otharlann úr a thógáil ar shuíomh Otharlann an Shiel. Tá fáilte curtha ag an Teachta Dála Donnachadh Mac Fhionnghaile roimh an cheapúchán. Tine Dódh teach an iar-chomhairleora Victor Fisher i Leitir Ceanainn tráthnóna inné. Bhí trí bhriogáid dóiteáin ar an láthair ag Kiltoy agus tuairiscítear gur dódh an teach go holc ach nár gortaíodh aon duine. Tá fiosráchán ar siúl ag na Gardaí. Fadhb le hOisrí Tá fiosrúchán ar siúl ag an Údaras um Chosaint Iascaigh Mhara maidir leis an tinneas noraivíreas a bhaineann le hoisrí a rinne comhlacht as Dún na nGall a easpórtáil go Hong Cong. Deir an tÚdarás go bhfuil fiosrúchán ar siúl go leanúnach agus go bhfuil tacaíocht iomlán á fáil acu ón chomhlacht próiseála. Mar bheart reamhchúraim, tá cosc sealadach curtha ag údaráis Hong Cong agus Macau ar oisrí as Dún na nGall a iompórtáil. Tá an tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara ag obair le hAmbasáid na hÉireann i Hong Cong agus tá sé iarrtha acu athbhreithniú a dhéanamh ar an chosc atá curtha i bhfeidhm. Seirbhís Aeir Deir an Roinn Iompair go bhfuil monatóireacht á dhéanamh acu ar bhonn míosúil ar sheirbhísí aeir Stobart Air idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath. De réir rialacha atá leagtha síos ag an Roinn Iompair don chonradh PSO a bronnadh ar Stobart Air, níl cead níos mó na 2% de eitiltí a chur ar ceal sa bhliain, sa chás go mbíonn an locht ar an aerlíne, agus níl cead go mbeadh níos mó ná 20% de na heitiltí níos mó ná 30 bomaite mall, ach amháin de bharr cúrsaí aimsire. Tá gearáin a ndéanamh ag daoine a bhaineann úsáid as an tseirbhís aeir idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath, ó cuireadh tús leis an tseirbhís úr ar an 1ú Feabhra, go mbíonn go leor eitilt ía gcur ar ceal, gan choinne, fiú nuair nach bhfuil an aimsir go holc.