#1620136
Tá 600 post á gcruthú ag KN Circet as seo go ceann 18 mí.
Tá 600 post á gcruthú ag KN Circet as seo go ceann 18 mí.
Is as Baile Dhún na nGall príomhfheidhmeannach KN Group, Donagh Kelly.
Tá grúpa comhlachtaí i dteannta le Granahan McCourt sa chomhghuaillíocht a chuirfidh an tseirbhís nua ar fáil, ina measc enet, Actavo, KN Group, Nokia agus an fear gnó Walter Scott.
Conraitheoir le Telecoms é KN Circet, agus d'fhógair sé na postanna agus acadamh nua traenála á sheoladh aige i Ráth Cúil i gCo.Bhaile Átha Cliath.
Tá 3,500 fostaithe ag KN Circet cheana fhéin idir a chuid oifigí i mBaile Átha Cliath, sa Ríocht Aontaithe agus i dtíortha eile thar lear.
Is comhlacht teileachumarsáide, innealtóireachta agus leictreachais KN Group, atá ag feidhmiú in Éirinn agus sa Bhreatain agus go hidirnáisiúnta.
Sé comhlacht KN Group príomh urraithe úra CLG Dhún na nGall, agus beidh ainm an chomhlachta ar gheansaithe peileadóirí agus iománaithe na contae go ceann trí bliana, agus iad iad MCR Group na hurraithe tánaisteacha, agus beidh ainm an chomhlachta sin ar chúl na ngeansaithe.
Tá beirt fhear as an chontae i measc an 30 duine is saibhre sa tír atá faoi 45 bliain d'aois, sin Karl McHugh, ó theaghlach iascaireachta sna Cealla Beaga ar fiú €56m é agus Donagh Kelly as na Freasa ar fiú €54m agus ar leis leath den chomhlacht KN Networks.
Fógrófar na buaiteoirí Dé hAoine. KN mar urra úr Dhún na nGall Tá príomh urraithe úra Chumann Lúthchleas Gael Dhún na nGall fógraithe anois don tréimhse ó 2016 go 2018.