Gaois

Search mode

Filter results

Collections

1 result in 1 document

  1. #1622036

    Fuarthas déagóir ón mBreatain ciontach i mbréag a insint maidir le heachtra éignithe sa Chipir inar líomhnaigh sí gur ionsaigh 12 turasóir ó Iosrael í an samhradh seo caite.  Líomhnaigh an déagóir atá naoi mbliana déag d'aois gur ionsaigh 12 turasóir ó Iosrael í in ostán in Ayia Napa ar an 17ú Iúil, ach rinne sí an ráiteas sin a aistharraingt 10 lá ina dhiaidh sin.  Mhaígh an bhean óg sa chúirt gur éigníodh í ach gur chuir poilíní sa Chipir brú uirthi an méid a dúirt sí a athrú.  Dúirt an Breitheamh nár d'inis an déagóir an fhírinne agus go rinne sí iarracht dallamullóg a chur ar an gcúirt le ráitis áisiúla agus éalaitheach.  D'fhéadfadh sé go gcuirfí an bhean óg chun na príosún ar feadh bliana nuair a ghearrfar pianbhreith uirthi.