Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

14 toradh in 13 doiciméad

  1. #863793

    Ach ní intuigthe as sin nach bhféachfaidh an Stát go cuí, ina chuid achtachán, don difríocht atá idir daoine ina mbuanna corpartha agus ina mbuanna morálta agus ina bhfeidhm chomhdhaonnach.

  2. #1066454

    Níl achtachán (Reacht nó Ionstraim Reachtúil) mar bhunús dlíthiúil ag na comharthaí bóthair, agus dá dheasca sin ní féidir leis an gCoimisinéir Teanga imscrúduithe oifigiúla a dhéanamh ina dtaobh.

  3. #332114

    Thug urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga le fios do Tuairisc.ie nach dtitfeadh na lipéid rabhaidh nua faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla “ach amháin dá mba rud é go raibh an t-ábhar clúdaithe i ngealltanas i scéim teanga nó dá dá mba rud é go raibh sé luaite go sonrach in achtachán eile.” Dúirt baill éagsúla an Chomhchoiste Sláinte le Tuairisc.ie go ndéanfaí gach iarracht lipéadú dátheangach a phlé ag cruinnithe an Chomhchoiste amach anseo.

  4. #865521

    Fiosraíonn a Oifig gearáin ón bpobal i gcásanna ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nó faoi aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.

  5. #1066475

    Cé go bhféadfaí cás bunreachtúil a bhunú ar an gcéim síos a thugtar don Ghaeilge san ordachán seo, tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga ina Thuarascáil Tionscnaimh (2004: 47) nach féidir leis gearán ina thaobh a iniúchadh de bhrí gur ordachán atá ann seachas achtachán (Reacht nó Ionstraim Reachtúil).

  6. #1840469

    Thug an Coimisinéir le fios chomh maith nach raibh sé in ann leath na ngearán a cuireadh faoina bhráid a fhiosrú mar "nár tháinig ábhar na ngearán sin, den chuid is mó, faoi chuimsiú Acht na dTeangacha Oifigiúla ná faoi chuimsiú aon achtachán eile a bhain le stádas nó le húsáid teanga oifigiúla." I dtaca le maoiniú de, dúirt se gur cuireadh buiséad €810,000 ar fáil d'Oifig an Choimisinéara Teanga don bhliain 2019 agus gur tarraingíodh anuas €808,347 den airgead sin.

  7. #1961963

    “Níl sé sin san acht faoi láthair cé go ndearna mé moltaí chuige sin ach is rud é go mbeinn ag súil leis gur féidir aghaidh a thabhairt air nuair a bheas an díospóireacht faoin acht ar siúil.” Ceann de na bealaí le’n é sin a dhéanamh, deir sé, ná go mbeadh deis faireacháin aige ar achtanna eile agus nach mbeadh sé “ag brath ar ghearráin chun achtachán eile a fhiosrú”.

    Gá le acht láidir atá ‘oiriúnach dá fheidhm’ - Ó Domhnaill: Laigí móra fós le brath beagnach 20 bliain ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach – Éanna Ó Caollaí

  8. #1966322

    Mar shampla, in 1928, áiríodh na 585 toghroinn a d'aithin Coimisiún na Gaeltachta in Ordú na nOifigí agus na bhFeadhmanaisí nÁitiúil (Gaeltacht), achtachán chun scálaí tuarastail a shocrú do státseirbhísigh a bheadh ag obair sa Ghaeltacht.

  9. #765482

    Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta ag comhlachtaí poiblí; Gach beart riachtanach atá faoi réir a údaráis nó a húdaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha an Achta; Imscrúduithe a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire nó de bhun gearán a bheith déanta leis nó léi ag aon duine, maidir le haon mhainneachtain ag comhlacht poiblí forálacha an Achta a chomhlíonadh; Comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, don phobal maidir lena gcearta faoin Acht seo; Comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, do chomhlachtaí poiblí maidir lena n-oibleagáidí faoin Acht; Imscrúdú a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire nó de bhun gearán a bheith déanta leis nó léi ag aon duine, chun a fháil amach an amhlaidh nach raibh nó nach bhfuil aon fhoráil d'aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid teangacha oifigiúla á chomhlíonadh.