#2625523
á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil toil an tSeisiúin Iomlánaigh, is é sin go ndéanfaí an Liúntas Caiteachais Ghinearálta (LCG) a athchóiriú, rud a cuireadh in iúl go mion minic, curtha chun feidhme ina hiomláine ag an mBiúró go fóill, rud a chuireann cosc le hairgead cháiníocóirí an Aontais, arb ionann é agus EUR 40 milliún in aghaidh na bliana, a bheith á chaitheamh ar bhealach níos trédhearcaí agus níos cuntasaí; á iarraidh an athuair go ndéanfaí athchóiriú ar LCG sa chaoi go mbunófaí seiceálacha samplacha a dhéanfadh seirbhísí na Parlaiminte ar 5 % de chaiteachas LCG na bhFeisirí, agus lena gcuirfí d’oibleagáid ar na Feisirí gach fáltas a bhaineann le LCG a choinneáil, achoimre ar an gcaiteachas de réir catagóire a fhoilsiú gach bliain mar aon le tuairim ó iniúchóir neamhspleách ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte, agus an sciar de LCG nár caitheadh a thabhairt ar ais ag deireadh an tsainordaithe; ag tabhairt dá haire go mbainfeadh na seiceálacha samplacha arna n-iarraidh le seiceáil randamach a dhéanamh ar 36 Fheisire in aghaidh na bliana agus, ar bhonn ríomh a rinne AS FINS, go mbeadh idir 4 agus 6 phost FTE ag teastáil lena n-aghaidh;
Expresses its regret over the fact that the Bureau has not fully implemented the will of the Plenary expressed on several occasions to reform the General Expenditure Allowance (GEA), thereby preventing Union taxpayers' money, which amounts to 40 million Euro per year, from being spent in a more transparent and accountable manner; repeats its call for a reform of the GEA that would establish sample checks by Parliament’s services on 5% of Members’ GEA expenditure, and that would oblige Members to keep all receipts pertaining to the GEA, to annually publish an overview of expenditure by category as well as an independent auditor’s opinion on Parliament’s website, and to return the unspent share of the GEA at the end of the mandate; notes that the requested sample checks would pertain to checking 36 randomly selected Members per year and, based on a calculation by DG FINS, would require a maximum of 4 to 6 FTE posts;