#2626395
ag tabhairt le fios go bhfuil nós imeachta díbeartha san áireamh sa chód iompair nua ar dá réir a chinnfidh an tionól díbirt a dhéanamh ar bhonn togra arna chur ar aghaidh ag an mbiúró agus a dtabharfar fógra don Chomhairle ina leith ionas gur féidir tús a chur le nós imeachta athsholáthair; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil rialacha athbhreithnithe na nósanna imeachta i gcomhréir leis na forálacha díbeartha mar a leagtar síos sa chód iompair iad agus á chur in iúl gurb eol di go bhfuil gá leis an athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ar rialacha nós imeachta an Choiste chun gur féidir úsáid a bhaint as an nós imeachta díbeartha sin; á iarraidh ar an gCoiste Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi na hathbhreithnithe sin go pras agus á mholadh don Choiste dul i mbun réamhchainteanna leis an gCoimisiún maidir leis an bhféidearthacht na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm a leasú;
Points out that the new code of conduct includes an expulsion procedure according to which expulsion shall be decided by the assembly on the basis of a proposal put forward by the bureau and shall be notified to the Council so that a replacement procedure can be initiated; welcomes that the revised rules of procedures are aligned with the expulsion provisions as laid down in the code of conduct and is aware that the ongoing revision of the rules of procedures of the Committee is required to make use of that expulsion procedure feasible; calls on the Committee to inform Parliament about those revisions quickly and encourages the Committee to engage in explorative talks with the Commission on the possibility of amending the relevant provisions in force;