#3376392
Faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún (‘Gníomh Tarmligthe an Aontais maidir le Tacsanomaíocht Aeráide’), meastar gur gníomhaíocht inbhuanaithe é an t-athchóiriú foirgneamh i gcás ina mbaintear amach coigiltis fuinnimh 30 % ar a laghad leis, i gcás ina gcomhlíonann sé íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh chun athchóiriú mór a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana, nó i gcás inarb é atá ann bearta aonair a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, amhail trealamh éifeachtúlachta fuinnimh a shuiteáil, a chothabháil nó a dheisiú nó ionstraimí agus feistí chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a thomhas, a rialáil agus a rialú, i gcás ina gcomhlíonann na bearta aonair sin na critéir bunaithe.
Under Commission Delegated Regulation (EU) 2021/2139 (the ‘EU Taxonomy Climate Delegated Act’), building renovation is considered to be a sustainable activity where it achieves at least 30 % energy savings, complies with minimum energy performance requirements for major renovation of existing buildings, or consists of individual measures related to the energy performance of buildings, such as the installation, maintenance or repair of energy efficiency equipment or of instruments and devices for measuring, regulating and controlling the energy performance of buildings, where such individual measures comply with the established criteria.