Gaois

ná codail ar an gcluais sin

Figurative idiom

Headwords

cluas, codail

Description

Gan an leagan sin den scéal a chreidiúint.

Corpus examples

  • "Pé deire bhéidh ar an ngnó so, tá deire le caint Shadhbh i dtaobh aon éilimh a bheith aici ar Shéadna. Pé 'cu bhí greim geallamhna aici air nó ná raibh, go dtí seo, ní féidir dí a leigint uirthi níos mó go bhfuil, ná go raibh riamh. Is olc an ghaoth ná séidean do dhuine éigin." "Ná codail ar an gcluais sin, a Sheághain," arsa 'n sagart. "Ní'l aithne cheart agat ar Shadhbh. Isí bean is dána d'ár bhuail riamh umam í."

  • Dubhairt Eóin leó gan codla ar an gcluais sin; mara ndeinidís an aithrighe go dtiocfadh díbhfeirg Dé ortha agus go ndísgeóchadh an díbhfeirg sin iad go léir, agus ná fágfadh san Ábraham gan sliocht air, mar go bhféadfadh Dia daoine dhéanamh de sna clochaibh a bhí ansúd fé chosaibh an phobuil agus iad a thabhairt mar shliocht d'Ábraham.

  • Seachain! B' fhéidir go mb'fhearra dhuit gan codladh ar an gcluais sin. An t-é a chreidean rud, deinean sé beart do réir mar a chreidean sé.

Additional examples