Gaois

seacht n-oiread

Semi-idiom

Headwords

seacht, oiread

Description

Áibhéil chun méid mhór a chur in iúl.

Corpus examples

  • Pé daingneacht a bheidh sa chosg líonfidh an t-uisge lastuas de go dtí go mbrisfar é agus go sguabfar le fánaidh é. Ansan gluaiseóchaidh an t-uisge le fánaidh agus beidh a seacht n-oiread fuinnimh leis agus bheadh dá leogtí dó féin ó thosach. Siné an údhálta ag an ndlighe a bhíon bun os cionn le h-aigne agus le h-inntinn agus le toil na ndaoine.

  • Bhí fhios againn go dian mhaith, dá mbéadh a sheacht n-oiread armála ag muíntir na h-Éirean agus a bhí acu an uair sin, dá mbéadh oiread armála acu, agus oiread saidhbhris, agus oiread nirt slógh, agus go bhféadfidís an ghleic do choimeád ar siúbhal i gcoinnibh Shasana ar feadh fiche blian, go gcaillfeadh Sasana a raibh an tsaoghal aici, ó chroicean amach, go gcaillfeadh sí an croicean féin, go gcaillfeadh sí an t-anam, níba thúisge 'ná mar a leigfeadh sí do mhuintir na h-Éirean an lámh uachtair a dh'fhághail.

  • Ambriathar, a Dhiarmuid, go bhfuil an sgéal san chomh beag dath leis an sgéal eile. Ní headh ach níos lugha. Dá mhéid droch-aigne atá ag Muimhneachaibh do Chonnachtaibh tá a sheacht n-oiread acu do ropairíbh Uladh. Tá a chúis sin acu leis na seacht sinsireachaibh.

Usage

Is féidir comhpháirt amháin (seacht) den nath seo a idirmhalartú le huimhir eile: trí.

Cross-references

Additional examples