Gaois

cóir cam díreach

Pure idiom

Headwords

cam, cóir, díreach

Description

Láithreach bonn; ceann ar aghaidh.

Corpus examples

  • Ó, am briathar 's ambasa, go ndeachaidh sé suas, de shiúbhal a chos, go tigh Shéadna, agus gur cheap sé, cóir cam díreach, Séadna do thabhairt leis anuas ar chúl cinn agus é phósadh, láithreach bonn baill, le Sadhbh, d'aimhdheóin a chúil-fhiacal!

  • Ach cad na thaobh nár toghadh chun na h-oibre an fear a fuair an Ghaeluinn mar bhainne cí? Níor toghadh, mar ní foláir le muíntir Shasana, nuair a bhíon obair na h-Éirean acu 'á dhéanamh, an tuathal a dhéanamh, cóir, cam, díreach!

  • Iad ceapaithe, cóir cam díreach, ar shlighe éigin a dhéanamh amach dóibh féin ar dhul ó bheul na ndaoine agus nách féidir leo cuimhneamh ar aon tslighe eile ach beul na ndaoine do líonadh agus do dhúnadh leis an ól.

Additional examples