gan (aon) dá chuid a dhéanamh dá dhícheall
Semi-idiomHeadwords
Description
Leathiarracht a dhéanamh.
Corpus examples
"Ní fhéadfá é," arsa Tadhg. "D'fhéadfainn," arsa Micheál. "Ná déin aon dá chuid ded' dhícheal," arsa Tadhg.
Aodh D. – Eírig as, a Dhalláin. Ní bhfaighir ar sgiath. Dallán. – Aoírfadsa thusa. Aodh D. - Ná déin aon dá chuid de d'dhíthchioll. Tá cómhachta Dé agus na naomh liom ad choinnibh, ó dhéin Colum Cille an tsíothcháin idir sibhse, aoís ealadhan Éirean, agus sinne, ríghthe Éirean.
D'inis sé do gach aoinne cad é an tarcuisne a tugadh dó i gCeann Cora, conus mar a caitheadh Gleann Mháma ins na súilibh air féin agus ar Laighneachaibh, agus conus mar adúbhairt Murchadh, mac Bhriain, leis féin agus leis na Laighneachaibh gan aon dá chuid a dhéanamh d'á ndícheal.
Usage
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Additional examples
Ná déin dá chuid ded dhícheall. Do your worst (lit. don’t make two parts of your endeavour).
Dhá leath a dhéanamh de do dhícheall, to do things by halves. Ní dhearna sé dhá leath dá dhícheall leis, he spared no pains to do it.
He does not grudge his efforts, ní dhéanann sé dhá chuid dá dhícheall.
To spare no pains, gan dhá leath a dhéanamh de do dhícheall.