Gaois

mac na míchomhairle

Figurative idiom

Headwords

mac, míchomhairle

Description

Seachránaí nó duine a mbíonn drochthionchar aige ar dhuine eile.

Corpus examples

  • D'innis sé dhóibh i dtaobh an mhic úd na mí-chómhairle a dh'imthigh ó'n athair agus do sgaip a chuid i ndúthaigh iasachta, agus a bhí ag fághail bháis leis an ocras go dtí go ndubhairt sé i n'aigne, "Raghad thar n-ais ag triall ar m'athair agus luighfad isteach am' sheirbhíseach aige."

  • Bhí sgéal mhic na mí-chómhairle oireamhnach go maith do sna Iúdaígh uaisle, do sna Fairisínigh agus do sna Sgríbhneóiríbh, agus d'á leitheidíbh. Thug Maois dóibh an saidhbhreas spirideálta.

  • Do thaisbeáin an sgéal dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh chun an bhídh spirideálta d'fhághail, gur cheart dóibh déanamh mar a dhein mac na mí-chómhairle, teacht thar n-ais chun an Athar Síoruidhe. Agus do b'uathbhásach an sampla ar thrócaire an Athar Síoruidhe athair an mhic sin na mí-chómhairle.

Usage

Comhthéacs reiligiúnda amháin aimsithe.

Additional examples