Gaois

ó bhéal go béal

Figurative idiom

Headwords

béal

Description

Scéala á scaipeadh.

Corpus examples

  • "Pé áit 'n-a bhfuil Amhlaoibh tá fhios aige go raibh bosca folamh an oídhche sin. Neósfaidh Amhlaoibh an sgéal san. Raghaidh an sgéal ó bhéal go béal. Cad 'déarfar? Cad a bheidh le rádh ach, 'Ní raibh aoinne chun na cailíse thógaint ach fear an érdaim.'"

  • An uair sin díreach is eadh bhí an cheist úd, "Cá bhfuil Cathal Ó Céin? Cá bhfuil Cathal Ó Céin?" ag dul ó bhéal go béal thoir ag teaghlach Mhic Eochaidh i gCúige Laighean agus Cathal Ó Céin ag imtheacht 'n-a lán rith de dhruim an chnocáin fé mar a bheadh gadhair an bhaile 'n-a dhiaidh.

  • Le n-a linn sin do ghluais ráfla ó bhéal go béal ar fuaid na catharach go raibh Héród tar éis bháis, go raibh Antónius tar éis é chur chun báis agus gur imir sé pionós ana ghéar air, fé mar a h-imireadh ar Antigonus.

Cross-references

Additional examples