Gaois

siar ná aniar ar an scéal

Figurative idiom

Headwords

aniar, scéal, siar

Description

Ar an dá chuma; idir dhá chomhairle; cos thall agus cos abhus.

Corpus examples

  • Táimíd ar aigne féachaint romhainn féin. Má thuitean sé le Fear Diadh tá an sgéal socair. Ach má thuitean Fear Diadh leis-sean, – ní fearr bheith siar ná aniar ar an sgéal – caithfimíd féin deire chur leis ar chuma éigin!

  • Míchéadtach go leór a bheidís de'n t-é ná labharfadh Béarla leó. "An amhlaidh is dóich leis ná fuil aon Bhéarla againn!" Ní fearr bheith siar ná aniar ar an sgéal, a Dhonchadh. Eirigh siar nú ódheas nú óthuaidh anois go h-áit éigin 'n-a bhfuil Gaeluinn dhá labhairt agus labhair Gaeluinn le duine ann agus feiceam cad é an freagra gheóbhair.

  • Dubhairt Conall leis féin go raibh sé chómh maith aige aghaidh a thabhairt lom díreach ar an sgéal. "Má's chugham-sa ataoi, a fhir mhóir," arsa Conall, "ná bíodh a thuilleadh siar ná aniar agat air, ach innis dúinn cad 'tá uait."

Cross-references

Additional examples