paidir ná cré
Figurative idiomHeadwords
Description
Bunmhíreanna an chreidimh.
Corpus examples
Dubhradh liom aghaidh do thabhairt go dian agus go díthealach ar mhuinntir na h-Éireann d'fhuasgailt agus do shaoradh ó'n sean chreideamh a bhí agá sínsear; an sean chreideamh cruaidh daor dochma a bhí 'ghá mille le trosgadh agus le tréighneas agus le smacht; agus iad do mhealladh, i ndiaidh ar ndiaidh, chun an chreidimh nua; an creideamh breágh bog saor sochma, ná cuirean trosgadh ná tréighneas orainn, paidir ná cré orainn, smacht ná dlighe orainn, ach adeir linn go breágh réidh ciallmhar deagh-chroidheach, creideamh gach duine bheith do réir a thoile agus a thuisgeana féin.
Usage
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Additional examples
Níl paidir ná cré aige, he is ignorant of the tenets of the faith.
ní'l paidir ná cré 'na béal ag Síle, Julia has neither Pater nor Credo on her lips;
16. Gan phaidir gan chré - gan aon phaidreacha in aon chor acu. Gan aon eolas ar an gCreideamh acu ná aon duine acu ann.