Gaois

caoch ar meisce

Semi-idiom

Headwords

caoch, meisce

Description

An-iomad ólta; ar deargmheisce.

Corpus examples

  • Thánamair go dtí an áit. Bhí Conchúbhar sínte i ndíg an bhóthair agus é caoch ar meisge, agus an gadhar 'n-a shuidhe ar an gclaidhe ag tabhairt aire dho!

  • É i gcómhnuidhe go doshásta, ag brath air gur bh' é féin a gheóbhadh an císte slán, nú an mhuc, nú pé sóghluist eile a shanntuighean craos ocarach. É caoch ar meisge, ní h-amháin chómh fada le h-amhrán agus le ceáfruíol, ach fós chómh fada le bheith droch-bhéalach, feargach.

  • Ansan tiocfaidh troma-chroídhe agus dólás agus buairt aigne ar an nduine sin, agus caithfidh sé ruith agus é féin do chur caoch ar meisge airís nó do thabharfadh sé anchor éigin dó féin le neart buartha aigne.

Additional examples