ciall cheannaigh
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Críonnacht tar éis an bhirt.
Samplaí corpais
An Críosdaidhe n-a mbéadh sé de dhíth céille air beartughadh de'n tsórd san a dhéanamh i n' aigne, ní fada a ruithfeadh leis nuair a múinfí ciall dó, agus is ciall cheannaigh a múinfí dhó.
Agus gan agat de bhárr do shaothair ach an t-olc. Is mór é t' eólus. Is mór í do chiall. Is ciall cheannaigh agat í, nó an chuid is mó dhi. Tá inntleacht ghéar agat. Tá an aigne go h-aibigh agat.
Chun é dheimhnughadh ní raibh le déanamh ach breith, 'n-a nduine agus 'n-a nduine, ar na h-uaislibh Gaedhlacha agus iad do bhreith anonn go Lúnduin agus iad do thriail thall, agus dá dtabharfaí ciontach iad, an chroch a thabhairt dóibh. Do thuig na h-uaisle Gaedhlacha an cleas san. Bhí ciall cheannaigh fághalta acu go daingean um an dtaca san.
Samplaí breise
ciall cheannaigh, bought sense; sense bought by experience. Má's ciall cheannaigh féin í, even if it bought sense (and not your own natural sense).
3. Ciall cheannaithe, the teachings of experience. Tá ciall cheannaithe aige, he has learned his lesson.
Ta ciall cheannuigh anois agat. D'fhoghluimighis ciall. Fuairis ciall de bhárr na mbotún a dhéinis.
2. He has learnt from bitter experience, tá ciall cheannaithe aige.
Sí an chiall cheannaí an chiall is fearr: múineann taithí seift.