Gaois

aer an tsaoil

Figurative idiom

Headwords

aer, saol

Description

(Ar thóir) pléisiúir agus gnéithe neamhfhuaimintiúla an tsaoil.

Corpus examples

  • An t-é atá do réir nádúra bíonn a ghreann ar neithibh cruthuighthe; ar a cholainn féin; ar bhaois; ar aer an tsaoghail. Ach an t-é atá do réir ghrásta Dé bíonn a ghreann ar Dhia agus ar na sobhailcíbh.

  • An saoghal so, aer an tsaoghail seo, baois an tsaoghail seo, uabhar an tsaoghail seo, saidhbhreas an tsaoghail seo, pléisiúr an tsaoghail seo, siniad na neithe a bhí ag déanamh buartha do'n chuid ba mhó de'n phobul Eabhra, i gcaitheamh a n-aimsire go léir nách mór; agus ní targaireacht, ná fáidh, ná Slánuightheóir le teacht, ná an chuma 'na ndéanfaí an slánughadh.

Cross-references

Additional examples