Gaois

seo agus siúd

Pure idiom

Headwords

seo, siúd

Description

Ní fios cad a dhéantar do dhuine.

Corpus examples

  • Ua Dómhnaill 'n-a cábán agus cuid d'á uaislibh i n' fhóchair. Ua Dómhnaill. - Táimid bodhar ag an bhfear so 'ghá mhaoidheamh go ndéanfid sé so 's súd linn, ach ní'l aon chor aige 'á chur de chun so ná súd a dhéanamh.

  • D'á bhrígh sin níor ghádh do'n Lonán a tháinig amach puínn eagla bheith aige roimis an gcaint a bhí ar siúbhal idir an dtriúr, istigh i ríghtheighlach Sitric i n-Áth Cliath, nuair a bhíodar 'ghá mhaoidheamh agus 'ghá dhearbhughadh go ndéanfaidís so 's súd leis an Lonán a bhuail an bob ortha, chómh luath agus gheóbhdís greim air.

  • Nuair a tháinig Sior Seón Norais go dtí an Ródhba níor stad sé ach 'ghá shior-mhaoidheamh go ndéanfadh sé so 's súd le muíntir chúige Connacht. Nuair a chonnaic sé na slóighte sin ar an dtaobh eile de'n abhainn do stad an maoidheamh.

Additional examples

  • Dhéanfadh sé 'na huirc agus 'na hairc é ar a bhéal. Do réir a chuid cainnte ba dhóigh leat go ndéanfad sé gach uile rud, bog agus cruaidh. Dhéanfad sé cat agus dhá earball air ar a bhéal. Dhéanfadh sé so súd.