nuair ba é toil Dé glaoch air
Figurative idiomHeadwords
Description
Bás a fháil.
Corpus examples
"Isé rud atá uainn 'ná a cosg do chur leis an éagcóir sin le dlígh." Níor chuir an dochtúir an tarna ceist chúgham. Ní rabhas ach dhá bhliain sa pharóiste nuair ab é toil Dé glaodhach ar an seana shagart.
Is áthas iomlán, ámhthach, ar an saoghal so féin, an t-áthas a bhíon ar chroídhe agus ar aigne an duine nuair a bhíon, cuir i gcás, faoisdin mhaith déanta aige agus síothcháin ar a choinsias, agus nuair is féidir dó feuchaint suas agus a rádh, i láthair Dé, "Má s é toil Dé glaodhach orm tá súil le Dia agam go bhfuilim ollamh."
Ní féidir obair léighinn a choimeád buan ar siúbhal, ó shliocht go sliocht, gan teighlach éigin de'n tsórd san go bhféadfadh daoíne óga bheith ag teacht isteach ann agus ag foghluim na h-oibre agus 'ghá gcur féin i dtreó chun cúraim na h-oibre do ghabháil ortha féin nuair ab é toil Dé glaodhach chuige ar na sean daoíne.
Additional explanation
- Nuair a fuair sé bás.
- Nuair a fuair sé bás, nuair a cailleadh é. Nuair a d'imigh sé ar shlí na fírinne, imithe chun na Flaithis. D'éag sé.
- Nuair a fuair sé bás.
Additional examples
Nuair ab é toil Dé glaodhach air; a usual Irish way of saying "when he died."