cosa a bhaint (ó)
Figurative idiomHeadwords
Description
Bonn a bhaint de rud.
Corpus examples
D'fhéadfadh sé a rádh, "Bíon feóil le n-ithe agaibh-se gach aon tseachtmhain. Taisbeánan san go bhfuil mo chuid tailimh-se agaibh ró shaor. Caithfidh sibh tuille cíosa thabhairt dom." Ach nuair ná raibh ag an leanbh le maoidheamh ach gur ith sé smut de ghé fadó nuair a bhí an Nodlaig ann, do baineadh na cosa glan ó aon leath-sgéal chun cíosa d'árdughadh.
Is ar fhírinne agus ar dhílse an bhreithimh a bhíonn gach aoinne ag brath chun cirt dlighe dh'fhághail. Nuair a ghlacan an breitheamh an bhreab baintear na cosa ón gceart. Deintear éagcóir i riocht cirt.
Additional examples
baineadh na cosa glan ó aon leathscéal: cuireadh deireadh glan le haon leathscéal.
130. Do baineadh na cosa glan ó aon leath-sgéal chun cíosa d'árdú. The bottom was completely knocked out of any excuse for raising the rent.