réabadh reilige
Figurative idiomHeadwords
Description
Léirscrios nó ár; treascairt uaigheanna.
Corpus examples
Cialluighean an chaint an ghráin a chuirean sé ar dhuine lot nó léir-sgrios a dh'fheisgint déanta ar áit éigin naomhtha. Raobadh roilge a tugtar i n-ár gcaint féin ar lot nó ar léir-sgrios de'n tsórd san. Do deineadh léir-sgrios, nó raobadh roilge de'n tsórd san nuair a leag na Rómhánaigh cathair Ierúsaleim.
Agus deinid muinntir Ilion ídhbirt chun Hectoir, agus chun Prótesilais, ar an dtaobh thall, sa Chersonéis. Ach ó chuamair i líonmhaire tá mionna éithigh agus raobadh roilge tar éis dul i méid. Ní'l aon mheas orainn ná aon eagla ag daoine rómhainn i n-aon chor, nídh nách iongna.
Additional examples
Raobadh is the term always applied to the desecration of graves. Hence the word for any description of sacrilege is raobadh roilge.
2. Réabadh reilige, violation of graveyard; violation of the memory of the dead; violent upheaval.
réabadh reilge, violation of a churchyard or grave, said to incur Divine vengeance, al. any secretive opening of a grave not necessarily disrespectful, al. violent upsetting of anything;
10. Réabadh reilige. An-scaipeadh is an-chur trí chéile, mar a dhéanadh lucht réabtha reilige sa tseanaimsir nuair a dhéanaidís coirp na marbh a fhuadach as na huaigheanna.
Réabadh reilige: an-chur tré chéile: treascairt is creachadh: cosair easair.