Gaois

teach amhas

Pure idiom

Headwords

teach, amhas

Description

Teach gramaisce; teach garbh borb callóideach.

Corpus examples

  • Tadhg: Dubhraís gur b' iad na buidheanta atá ar fuid na h-Éireann fé ndeára tigh amhas a dhéanamh de'n Mhór-Fheis úd a bhí i mB'l'Áth Cliath, óir nár chuireadar uatha tar a gceann chun na Feise sin daoine d' fhéadfadh iad féin d' iompar agus staonadh ó bhúirtheach.

  • Cad tá ag poibilidheacht na h-Éireann féin dhá dhéanamh, le deich mbliana agus breis, ach ag bladhman, agus ag búirthigh nuair a bhíon aon ghnó poibilidhe idir lámhaibh acu! An rud céadna a deirir-se a dhein tigh amhus de sheómra na Feise, isé atá ar siubhal gach aon lá 'n tseachtmhain ar fuid na h-Éireann.

Additional explanation

  • Ruílle buílle - rí rá - tranglam bheith in áit.

Additional examples

  • 11. Teach amhas. An teach ina gcoimeádtaí na hamhais, agus de réir na seanscéalta Fiannaíochta, abhaic ghránna éigiallta agus lucht ite feola duine ba ea iad siúd; ag liúreach is ag béiceadh is ag troid le chéile, ag déanamh fothraim is callóide a bhídís i gcónaí. Mar sin is ionann teach amhas agus teach garbh borb callóideach.