Gaois

sparán na scillinge

Figurative idiom

Headwords

scilling, sparán

Description

Sparán lán le hairgead; duine a mbíonn airgead aige i gcónaí.

Corpus examples

  • Ba dhóich le duine ortha ná fuil aon duine bocht thall; ná fuil aoinne breóite ann agus ná bíon choídhche; ná fuil aoinne dealbh ann, ach sparán na sgillinge 'n-a phóca féin ag an uile dhuine ann agus gan bac air tarac as chómh minic agus is maith leis é.

Cross-references

Additional examples

  • 37. Sparán na scillinge (sparán na pingine). Chreidtí má bhéarfaí ar leipreachán go bhfeighfí scilling (i sparán na scillinge) nó pingin (i sparán na pingine) ann i gcónaí, agus dála an sparáin úd a thug an fear dubh do Shéadna, go mbeadh sé chomh teann an lá déanach agus a bhí sé an chéad lá. Mar sin deir daoine "níor mhór do dhuine sparán na scillinge a bheith aige ní chreachfaí é lena leithéid sin d'obair".