Gaois

an port (céanna) (ag)

Figurative idiom

Headwords

port

Description

An seanscéal céanna; rud a chur i bhfadscéal.

Corpus examples

  • Ó aimsir Dhómhnail Uí Chonaill anuas níor labhradh focal poibilidhe 'n-a dtaobh 'ná gur 'ghá moladh a bhíothas, agus níor sgríobhadh focal 'n-a dtaobh ach focal a bhí gá moladh. Thug Dómhnal Ua Conaill, "The finest peasantry in the world" ortha, agus tá an port céadna ag an uile chainnteóir agus ag an uile sgríbhneóir d'ár labhair nú d'ár sgríbh focal ó shin anuas ortha.

  • Is amhlaidh atáim bodhar, ó thusnuigh an obair seo na Gaeluinne, ag éisteacht le daoíne ag caint agus 'á dhéanamh amach ar gach aon tsaghas cuma ná fuil aon bhreith i n-aon chor ag an obair ar dhul chun cínn. Ní'l ciscéim ar aghaidh d'ár thug an obair ó'n gcéad chiscéim a thug sí ná dúbhradar láithreach gur bh'í sin an chiscéim dhéanach a thabharfadh sí ar aghaidh. Ansan, nuair a thabharfadh sí ciscéim eile, déarfidís airís gan aon dabht gur bh'í sin an chiscéim dhéanach. Tá an port san ar siúbhal acu ó thusach.

  • Do thosnuigh Iónas i dtaobh di agus bhí sé ag siubhal ar aghaidh tríthi agus i n-aghaidh gach cúpla ciscéim d'á siubhluigheadh sé deireadh sé go h-árd: Dachad lá eile agus dísgeófar an chathair seo Ninibheh! D' éist na daoine leis ar feadh tamail. Bhídís ag cruinniú 'n-a thímpal agus ag sgaipe agus ag cruinniú airís, agus eisean ag siubhal go breágh réidh tríd an gcathair agus an port céadna ar siubhal aige, go h-árd agus go ceólmhar agus go bagarthach.

Cross-references

Additional examples