Gaois

fiacha fola (agus feola)

Semi-idiom

Headwords

fiach, fuil

Description

Airgead nó praghas a chur ar bheatha an duine.

Corpus examples

  • Fearghus. - Andaigh ní fheadar, mara fiacha éigin a bhí aige le díol le duine éigin sar a bhfaghadh sé bás. Ach tá a chuid fiach go léir díolta anois ag an bhfear mbocht agus is fiacha fola agus feóla dhosan iad!

  • Ansan do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampla agus d' fhág sé an áit: Agus d' imigh sé agus do chroch sé é féin le téid. Agus do thóg uachtaráin na sagart na píosaí airgid, agus dúbhradar: Ní ceart iad do chur sa Chorbona mar is fiacha fola iad.

Additional explanation

  • Fiacha troma.

Additional examples