Gaois

filleadh ná feacadh a bhaint (as)

Figurative idiom

Headwords

feacadh, filleadh, bain

Description

Rud nach féidir bogadh a baint as.

Corpus examples

  • An t-é atá curtha ag an bhfírinne fé n-a smacht féin, ní fhéadfaidh an saoghal mór é spriocadh chun baoise. An t-é go bhfuil a mhainighin go léir as Dia aige ní bhainfidh guth daoine, 'ghá mholadh, filleadh ná feacadh as.

  • Bhí scrugal caol ar an gcrúsca. D'fhéuch an príochán síos ann. Chonaic se an t-uisge thíos ácht bhí an scrugal ró chaol agus ní fhéadfadh sé a cheann do chur síos. Chuir sé chum an chrúsca do leagadh acht ní fhéadfadh sé filleadh ná feacadh bhaint as.

  • "Tá óigbhean ansan thiar," arsa 'n Fear Dubh, "agus ó'n lá a baisteadh í go dtí an lá atá indiu ann tá teipithe orm glan filleadh ná feacadh bhaint as a toil 'ná as a h-aigne."

Usage

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.

Additional examples