gach (aon) ré sholais
Pure idiomHeadwords
Description
Go rialta; moch is déanach.
Corpus examples
Léigheadh aoinne tuairisg an troda san agus chífidh sé go soiléir nách fiú trácht ar an bhfeallaire Éireanach seachas na feallairí a bhí tímpal ar Washington gach aon ré sholuis, ag dul isteach 'n-a bhéal le dílse dhó, mar 'dh eadh, agus sa n-am gcéadna na breabana móra 'n-a bpócaíbh acu ar é thabhairt suas, beó nó marbh, do chómhacht Shasana.
Is iongnadh linne a rádh gur shéan Peadar an Slánuightheóir tar éis an radhairc, agus ní h-aon iongnadh linn sinn féin a bheith ag séanadh an tSlánuightheóra chéadna, gach aon ré sholuis, agus an t-eólus go léir againn!
An fhaid a bhí sé anso bhí an eascú san Thaidhg Mhóir ag faire orm ins gach aon chúinne gach aon rae sholuis. Ní fhéadfainn cor a chur díom gan mé féin a chur i gcontabhairt.
Additional examples
Gach ré sholais, regularly; at every opportunity.
gach aon ré solais, late and early, at all hours
Bíonn sé ann gach aon ré soluis. Bíonn sé ann ana-mhinic; moch déidheannach. Ní fhágann sé an áit. Tugann sé a shaoghal ann.