Gaois

an mór is fiú

Figurative idiom

Headwords

fiú, mór

Description

Mórtas; éirí in airde.

Corpus examples

  • "Ní'l aon daoine eile beó i n-Éirinn ach muintir Chorcaighe féin do chuimhneóch' ar a leithéidh de rogha thabhairt do dhuine. Ach beirtear thar n-ais mé go labhrad le maithibh Chorcaighe, agus go gcuiread raint ceisteana chuca. D'iaras aisge. Chuaidh maithe Chorcaighe i n-urudhas air go raibh an aisge le fághail agam. Ní mór dom a fhios a bheith agam uatha féin an mór is fiú an t-urudhas. Beirtear thar n-ais mé."

  • "A mhaithe agus a mhór uaisle Chorcaighe," arsa Mac Conglinne, "do tugadh aisge dhom ó Mhainchín. B'é mo cheart ó dhlíghthibh na h-Éirean an aisge sin d'fhághail sar a gcrochfaí mé. Chuadhabhair-se, a mhaithe Chorcaighe, i n-urudhas air go bhfaghainn an aisge sin. Ba mhaith liom anois a fhios a bheith agam uaibh-se féin, an mór is fiú an t-urudhas san."

  • Tháinig árd-mheas aige air féin láithreach, agus is ar éigin fhéachfadh sé i n-aon chor ar aon ghadhar eile, bhí sé chómh mór san os a gcionn, dar leis. Chonaic an chuid eile an mór-is-fiú go léir, agus bhí ana-spórt acu air.

Additional examples