- Health » Epidemiology
- Medicine » Pathology
#412959
cás deimhneach de COVID-19 nuair nach léiríonn an duine siomptóim ar bith den ghalar
cás deimhneach de COVID-19 nuair nach léiríonn an duine siomptóim ar bith den ghalar
an céatadán cásanna de ghalar atá marfach, go háirithe laistigh de thréimhse ar leith
Is mór an difríocht atá ó thír go tír idir an cóimheas cásanna is básanna – is é sin líon na mbásanna roinnte ar líon na gcásanna atá deimhnithe.
líon ard cásanna de ghalar a aimsítear sa cheantar céanna le linn na tréimhse céanna
Is ionann braisle agus trí chás nó níos mó den víreas a bheith deimhnithe ar aon láthair amháin ar feadh 72 uair an chloig.
Faoi mheán oíche Dé hAoine seo caite bhí 57 braisle cásanna a bhain le hionaid altranais agus léirigh sonraí a d’eisigh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) seachtain ó shin gur 38 braisle a bhí in ionaid altranais faoi mheán oíche ar an 31 Márta.
duine ar bith a chomhlíonann na critéir saotharlainne i gcomhair deimhniú, arb ionann sin agus an t-aigéad núicléasach SARS-CoV-2 a bhrath in eiseamal cliniciúil
Má táthar dóchasach go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na gcásanna nua san Iodáil agus sa Spáinn, tá méadú as cuimse ag teacht ar líon na gcásanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tír is mó ina bhfuil cásanna deimhnithe den ghalar.
an chéad chás deimhnithe de ghalar laistigh de phobal áirithe
Ina theannta sin, aithníodh agus coinníodh faoi smacht briseadh amach eitinne ar an toirt, agus aithníodh gach cás innéacs le haghaidh cásanna eitinne i leanaí.
duine ar bith a chomhlíonann critéir chliniciúla COVID-19
Tá pleananna mionsonraithe i bhfeidhm ag an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr freisin agus tá sí ag obair go dlúth le gníomhaireachtaí eile chun freagairt chomhordaithe a chinntiú do chásanna féideartha.
aon duine a chomhlíonann critéir chliniciúla COVID-19 agus a bhfuil nasc eipidéimeolaíochta acu nó aon duine a chomhlíonann critéir dhiagnóiseacha COVID-19
Tá sonraí á gcur ar fáil anois faoi chásanna dóchúla, is é sin cásanna ina shocraigh cliniceoir nó dochtúir gurb é an Covid-19 an tsiocair bháis a bhí ag duine.