Gaois

A collection of legal terms extracted from the Rules of the Superior Courts. More information »

6 results

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343658

    éileamh fir1
    ga
    gu éilimh, ai éilimh, gi éileamh

    rud a iarrtar mar cheart

    Ní gá d’aon chreidiúnaí nó d’aon éilitheoir eile aon mhionnscríbhinn a dhéanamh ná freastal ag tacú lena éileamh (ach amháin chun a urrús a thabhairt ar aird) mura seirbheálfar fógra air á cheangal air é sin a dhéanamh, mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo.

    No creditor or other claimant need make any affidavit nor attend in support of his claim (except to produce his security) unless he is served with a notice requiring him to do so as hereinafter provided.

    • Dlí » Dlí Maoine Law » Property Law

    #343247

    Féadfar faoiseamh trí idirphléadáil a dheonú i gcás an duine a mbeidh faoiseamh á lorg aige (dá ngairtear an t-iarratasóir san Ordú seo) a bheith faoi dhliteanas i leith aon fhéich, airgid, earraí, nó airnéisí a mbeidh, nó ar dóigh leis go mbeidh, agra ina leith á dhéanamh air ag dhá pháirtí nó níos mó (dá ngairtear na héilitheoirí san Ordú seo) a mbeidh éilimh chodarsna á ndéanamh acu i leith an chéanna...

    Relief by way of interpleader may be granted where the person seeking relief (in this Order called the applicant) is under liability for any debt, money, goods, or chattels, for or in respect of which he is, or expects to be, sued by two or more parties (in this Order called the claimants) making adverse claims thereto...

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure

    #343434

    Cuirfear formhuiniú an éilimh ar gach toghairm thionscnaimh sula n-eiseofar í.

    An indorsement of claim shall be made on every originating summons before it is issued.

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure

    #343526

    Is é teideal a chuirfear ar fhormhuiniú an éilimh ar thoghairm iomlánach ‘‘Formhuiniú ginearálta an éilimh’’ agus beidh formhuiniú an fhaoisimh a bheidh á éileamh agus forais an chéanna arna gcur in iúl i dtéarmaí ginearálta...

    The indorsement of claim on a plenary summons shall be entitled "GENERAL INDORSEMENT OF CLAIM" and there shall be an indorsement of the relief claimed and the grounds thereof expressed in general terms...

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure

    #343522

    Mionnaímse, as gníomhaire thar ceann an ghearánaí [nó de réir mar a bheidh], agus deirim go bhfuil formhuiniú speisialta an éilimh ar an toghairm sa chaingean seo léite agam...

    I, of agent for the plaintiff [or as the case may be], make oath and say that I have read the special indorsement of claim on the summons in this action...

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure

    #343545

    ráiteas a dhéanann an gearánaí i gcás cúirte a chuireann in iúl fírinne an údair ghearáin atá aige in aghaidh an chosantóra agus a shonraíonn an faoiseamh atá á lorg aige

    I gcás toghairme iomlánaí, beidh fógra sa mheabhrán ina luafar ráiteas éilimh a bheith nó gan a bheith ag teastáil ón gcosantóir.

    In the case of a plenary summons, the memorandum shall include a notice stating whether the defendant requires a statement of claim or not.