Gaois

Bailiúchán téarmaí dlí a baineadh as Rialacha na nUaschúirteanna. Breis eolais »

4 thoradh

    • Dlí » Dlí Maoine Law » Property Law
    • Dlí » Dlí Probháide agus Riaracháin Law » Law of Probate and Administration

    #343531

    riarachán fir1
    ga
    gu riaracháin
    riaradh fir
    ga
    gu riartha

    bainistíocht agus diúscairt maoine duine éagtha, go háirithe i gcás díthiomnachta

    I gcás ina mbeidh tuismitheoirí éagaigh i dteideal an leasa thairbhiúil in eastát iomlán an éagaigh sin, féadfar riarachán, ar thréigean agus ar thoiliú na dtuismitheoirí sin, a dheonú don leanbh, nó do na leanaí i gcomhpháirt, a ainmneoidh na tuismitheoirí.

    Where the parents of a deceased are entitled to the beneficial interest in the whole of the estate of the said deceased, administration may on the renunciation and consent of those parents be granted to the child or jointly to the children nominated by the parents.

    Anois cuirtear d’aithne ort leis seo, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an fhorghairm seo a sheirbheáil ort, fardal agus cuntas fíor, iomlán agus foirfe ar eastát an éagaigh sin a thaisceadh san Oifig Phrobháide, faoi mhionn, mar aon le cuntas fírinneach ar riaradh an eastáit sin agat.

    Now this is to command you, within fourteen days after the service hereof on you, to lodge in the Probate Office on oath, a true, full, and perfect inventory and account of the estate of the said deceased, and a true account of your administration thereof.

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure
    • Dlí » Dlí Probháide agus Riaracháin Law » Law of Probate and Administration

    #343438

    cineál árachais i dtaca le feidhmiú riarthóra

    Déanfaidh na hurraí le bannaí riaracháin fírinniú sa tsuim chomhlán a mhionnófar i leith eastát an éagaigh, mura n-ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide a mhalairt.

    The sureties to administration bonds shall justify in the gross amount at which the estate of the deceased is sworn unless the Court or the Probate Officer shall otherwise order.

    • Dlí » Dlí an Chomharbais Law » Law of Succession
    • Dlí » Dlí Probháide agus Riaracháin Law » Law of Probate and Administration

    #343292

    riarachán agus gan tiomna nó tiomna dóthanach a bheith ann

    Agus cinneadh á dhéanamh cé dó a bhféadfar deonú riaracháin i gcás díthiomnachta, nó maille le huacht, a thabhairt i gcás duine a bheidh tar éis bháis roimh an 1ú lá d’Eanáir, 1967, comhlíonfar na rialacha a bhí i bhfeidhm agus ab infheidhme go dtí seo maidir le cás den sórt sin.

    In determining to whom a grant of administration intestate or with will annexed may be made in the case of a person who died prior to the 1st day of January, 1967, the rules heretofore in force applicable to such a case shall be observed.

    Riarachán díthiomnachta, faoi theorainn le linn mionaoise.

    Administration intestate, limited during minority

    • Dlí » Dlí Maoine Law » Property Law
    • Dlí » Dlí Probháide agus Riaracháin Law » Law of Probate and Administration

    #343443

    Mura n-ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide a mhalairt, ní dheonófar riarachán teoranta mura rud é go mbeidh gach duine a bheidh i dteideal an deonaithe ghinearálta tar éis toiliú nó tréigean, nó go mbeidh sé forghairthe agus go mbeidh loicthe aige láithriú.

    Limited administration shall not be granted unless every person entitled to the general grant has consented or renounced, or has been cited and failed to appear, unless the Court or Probate Officer otherwise directs.