Gaois

Téarmaí cosúla:

Bailiúchán téarmaí dlí a baineadh as Rialacha na nUaschúirteanna. Breis eolais »

5 thoradh

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343828

    dearbhú fir
    ga
    gu dearbhaithe, iol dearbhuithe

    ráiteas nó fógra foirmiúil

    Aon cheist forléiriúcháin a thiocfaidh chun cinn faoi aon ghníomhas, uacht nó ionstraim scríofa eile a chinneadh, agus dearbhú ar chearta na ndaoine leasmhara.

    The determination of any question of construction arising under any deed, will, or other written instrument, and a declaration of the rights of the persons interested.

    • Dlí » Dlí Tráchtála Law » Commercial Law

    #343454

    Measfar dearbhú dócmhainneachta a bheith ar áireamh in achainí féimheachta a chomhdóidh aon fhéichiúnaí, agus ní gá aon dearbhú den sórt sin sa chás sin.

    A petition of bankruptcy filed by any debtor shall be deemed to include a declaration of insolvency, and no such declaration shall in such case be necessary.

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure

    #343544

    Féadfar an fhianaise sin a thabhairt le deimhniú arna shíniú ag aturnae ag gníomhú dó thar ceann an lóisteálaí, mura rud é, in aon chás, go gceanglóidh an Cuntasóir gur le dearbhú reachtúil nó mionnscríbhinn a thabharfar an fhianaise sin.

    Such evidence may be furnished by a certificate signed by a solicitor acting on behalf of the depositor unless in any case the Accountant requires such evidence to be by statutory declaration or affidavit.

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343523

    Is ceart don Leachtaitheoir aird a tharraingt ar aon mhír ina bhfuil difríocht shubstaintiúil idir a mheastachán féin agus meastachán na stiúrthóirí sa ráiteas atá i gceangal leis an dearbhú sócmhainneachta.

    The Liquidator should draw attention to any item where there is a substantial difference between his estimate and the directors' estimate in the statement annexed to the declaration of solvency.

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure

    #343323

    Déanaim an dearbhú sollúnta seo á chreidiúint go coinsiasach é a bheith fíor agus de bhua an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla, 1938.

    I make this solemn declaration conscientiously believing the same to be true and by virtue of the Statutory Declarations Act, 1938.