#2027373
De réir na tuarascála chomh maith, bhí laghdú €31.5 milliún ar chostais oibríochtaí RTÉ in 2020.
De réir na tuarascála chomh maith, bhí laghdú €31.5 milliún ar chostais oibríochtaí RTÉ in 2020.
Bheadh costas €273 milliún leis an mbeartas sin a deirtear sa tuarascáil.
Tá an Coiste ag éisteacht le fianaise inniu ar thuarascáil speisialta ar an gcostas a bhaineann leis an bhfiosriúchán ar mhí-úsáid agus na scéimeanna sásaimh a foilsíodh anuraidh.
Dúirt an tAire Sláinte, Simon Harris nach féidir leis theacht roimh thoradh thuarascáil an PwC i dtaca leis an ró-chostas ar thógáil an Ospidéil Náisiúnta do Leanaí.
De réir na tuarascála seo, is é costas ard na dtithe is cúis leis an chostas ard atá ar thalamh agus ní a mhalairt.
Tá bliain caite ó d'fhoilsigh an Rialtas tuarascáil ar chostas árachais, ach go fóill níl na moltaí ar fad a rinneadh sa tuarascáil curtha i bhfeidhm, a dúirt sé.
De réir na tuarascála, tá costas morgáiste níos saoire i bhformhór na tíre anois ná costas cíosa.
Tá níos mó daoine á gcur chun príosúin, agus costas per capita níos airde iad a choinneáil ann, de réir thuarascáil bhliantúil Sheirbhís Príosúin na hÉireann.
Tháinig sé chun solais i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2010 gur “costas gan bunús” a bhí sa mhéid a luadh.
Tháinig sé chun solais i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2010 gur “costas gan bunús” a bhí sa mhéid a luadh.
Tháinig sé chun solais i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2010 gur “costas gan bunús” a bhí sa mhéid a luadh.
Léiríonn a thuarascáil gur costas iomlán €10,112 a bhain le haistriúchán Gaeilge a dhéanamh ar dhréachtphlean forbartha Chomhairle Contae an Chláir don tréimhse sé bliana idir 2011 agus 2017.
De réir thuarascáil bhliantúil nua RTÉ, costas €11.6 milliún a bhain le Raidió na Gaeltachta in 2017 i gcomparáid le €11.5 milliún in 2016.
Deirtear i dtuarascáil atá foilsithe ag an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta go mbeadh níos mó máithreacha ag obair dá mbeadh costas cúraim leanaí níos ísle.
Thagair sí de thuarascáil Chumann Naomh Uinseann de Pól maidir leis an costas páistí a chur ar ais na scoile, agus dúirt sí go gcaithfear níos mó tacaíochta a thabhairt do thuismitheoirí.
Dúirt an tAire go léiríonn tuarascáil an lae inniu - go bhfuil spriocanna sabhála airgid á gcomhlíonadh fén gComhaontú - agus go bhfuil os cionn 500 milliún euro sabhálta ar chostais páigh.
Deirtear sa tuarascáil go bhfuil an costas san uair a bhaineann le craoladh spóirt RnaG ard i gcomparáid le 2fm.
Deirtear sa tuarascáil go bhfuil comhlachtaí éagsúla árachais ann a bhíonn san iomaíocht lena chéile agus go bhfágann an méid sin go gcuirfí leis an gcostas breise a ghabhann le cúram leighis.
Pléadh ag an gcruinniú an tuarascáil a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta cúpla mí roimhe sin faoin gcostas a bhainfeadh le bunú stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge.
Léiríonn tuarascáil atá foilsithe ag an suíomh idirlín maoine Daft.ie go bhfuil costas cíosa níos airde anois ná mar a bhí nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr a réime.
Rinne Tuarascáil Choimisiún Grey moltaí i dtaca le staid seo na ndaoine ach níor glacadh leis na moltaí seo, i ngeall ar an gconspóid agus ar an gcostas a tharraingeoidís.
Tá aird dírithe sa tuarascáil tionscnaimh ar cháineadh a rinneadh i gcuid de na meáin faoin gcostas a bhaineann le comhlíonadh fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Bhí cuid mhór den cháineadh sin bunaithe ar mhíthuiscintí agus ar áibhéil maidir le cur i bhfeidhm an Achta agus na costais a bhainfeadh leis, a deirtear sa tuarascáil.
Baineann tuarascáil amháin leis an tionchar a bheas ag MOX ar an timpeallacht, agus sa dara ceann déantar costas iomlán an fhiontair a scagadh go mion.
Sa tuarascáil eacnamúil a thug an "solas glas" don mhonarcha nua bhí rud beag amháin fágtha ar lár: an costas tógála.
B’fhéidir go mbaineann sin leis an gcostas a bhaineann le spórt a imirt, a deirtear sa tuarascáil.
Ospidéal na hOllscoile GaillimhLéiríonn iniúchadh a rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur chosain an chaoi a cuireadh ar an áit a dtagann héileacaptar anuas air ag Ospidéal na hOllscoile Gaillimh os cionn €70,000 nuair nach raibh luaite leis i dtosach ach €17,000.Nuair a bhí an chéad fhigiúr faighte, deirtear sa tuarascáil gur dúradh go gcaithfí níos mó oibre a dhéanamh ná mar a bhí leagtha amach i dtosach, agus gur mar gheall air sin a mhéadaigh an costas a thrí oiread ná mar a síleadh a bheadh i gceist.Moltar sa tuarascáil gur cheart go ndéanfaí amach ón tús cé mhéid oibre a bheadh le déanamh, cén costas a bheadh i gceist agus cén t-achar a thógfadh sé.Stáisiún Dóiteáin64 duine a d'fhreastal ar an ócáid a bhí sa gCrompán ar an gCeathrú Rua aréir le heolas a thabhairt faoin stáisiún dóiteáin atá le cur ar fáil ansin agus na hoibrithe a bheidh ag teastáil.Dúradh gurb seo an slua ba mhó a d'fhreastal ar a leithéid seo d'ócáid le blianta fada.Beidh seisiún eile eolais faoin mbriogáid dóiteán sa gCrompán arís anocht, idir 7.30 agus 9.00 .
Léiríonn an tuarascáil fosta go bhfuil costais morgáiste i nDún na nGall níos saoire ná costais cíosa.
Ag ócáid aréir seoladh tuarascáil a léirigh nach gcuirfeadh a leithéid costas ar an ollscoil, go mbeadh an scéim “cost-neutral” don choláiste.
D’fhógair an Seanadóir go raibh sé ag éirí as i bhfianaise na tuarascála a d’fhoilsigh SIPO faoi inniu ina ndeirtear gur sháraigh sé an dlí in éilimh a rinne sé ar chostais.
Tugtar le fios i dtuarascáil nua a foilsíodh inniu nach bhfuil aon bhrabach tráchtála le déanamh ag lucht forbartha as árasáin a thógáil i gcathair Bhaile Átha Cliath. Árasáin a mbeadh sé d'acmhainn ag daoine ar mheánioncam iad a cheannach atá i gceist. Deir Cumann na Suirbhéirí Cairte in Éirinn gur leis an tógáil féin a bhaineann thart ar leath den chostas. Le cáin bhreisluacha agus táillí suímh a bhaineann an chuid eile, a deir siad.
Dúirt an Teachta Pearse Doherty ó Shinn Féin go ndearna sé iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise faoi gach cumarsáid a rineadh taobh istigh den Roinn ar an mhaoiniú seo agus gur tugadh le fios dó nach bhfuil maoiniú ar bith den chinéal seo ar fáil don tonnchosc ná don bhád nua.. I ráiteas don chlár Barrscéalta ar RTE Raidió na Gaeltachta Dé hAoine seo caite, thug an Roinn le fios go raibh na figiúirí costais a thug an tAire Stáit McHugh i Meán Fómhair bunaithe ar thuarascáil taighde 'Small Ferries Project' a rinneadh ar Sheirbhísí Farrantóireachta i 2010.
Moladh i dTuarascáil McCarthy (Special Group on Public Service Numbers and Expenditure Programmes 2009) go bhfaigheadh an stáisiún €10m dá mhaoiniú ón gceadúnas teilifíse feasta agus gur cheart do TG4 agus RTÉ costais a ghearradh agus acmhainní a roinnt.
Deirtear i dtuarascáil a foilsíodh inniu go dtiocfadh ardú idir 2% agus 3% ar an gcostas maireachtála do theaghlaigh sa tír seo dá gcuirfí srianta déine custaim i bhfeidhm ar an teorainn nuair a imeos an Bhreatain as an Aontas Eorpach.
Ansin léirigh eolas a fuair an Teachta Dála Pearse Doherty nach rabh maoiniú ar bith curtha ar fáil don bhád úr. D'admhaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ansin go rabh na figiúirí costais a thug an tAire Stáit McHugh bunaithe ar thuarascáil taighde a bhí 8 mbliana as dáta.
Deirtear sa tuarascáil nár dearnadh aon bhreithmheas eacnamaíochta ná anailís éifeachtúlachta costais ná macnamh ar aon léas eile sular síníodh an léas. Deirtear sa tuarascáil fosta nach raibh aon fhianaise ar fáil don Ard-Reachtaine go raibh praghsáil déanta ar fheistiú, ar chothabháil ná ar throscán don fhoirgneamh roimhe.
Is ina dtuarascáil nua Primary Care Island Services Review Report a gheallann an HSE go bhfoilseodh siad sa chéad ráithe den bhliain seo chugainn a scéim náisiúnta teanga, plean a deir siad nach mbeidh aon chostas ag baint leis.
Is ina dtuarascáil nua Primary Care Island Services Review Report a gheallann an HSE go bhfoilseodh siad sa chéad ráithe den bhliain seo chugainn a scéim náisiúnta teanga, plean a deir siad nach mbeidh aon chostas ag baint leis.
Is ina dtuarascáil Primary Care Island Services Review Report a gheall an HSE go bhfoilseoidís a scéim náisiúnta teanga sa chéad ráithe den bhliain seo, plean a deir siad nach mbeidh aon chostas ag baint leis.
D'fhéadfadh sé go gcosnóidh an tOspidéal Náisiúnta Leanaí os cionn €1.7 billiún, níos mó ná dhá oiread an chostais a bhí luaite ar dtús leis, a deirtear i dtuarascáil a d'fhoilsigh an Rialtas tráthnóna.
Thug Banc Ceannais na hÉireann rabhadh níos láidre ina dtuarascáil ráithiúil agus dhearbhaigh siad gur cinnte go raibh laghdú ag teacht ar acmhainn iomaíochta na tíre, agus ag moladh don rialtas dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála sa tír seo agus an méadú ar an ráta boilscithe.
Ba í Roinn na Gaeltachta a choimisiúnaigh an tuarascáil. Ní raibh an Roinn ábalta costas na tuarascála a dheimhniú inniu ná a rá an raibh maoiniú don amharclann ag brath ar fheidhmiú na tuarascála.
Luaigh duine as chuile sheisear gur déanadh dochar de ghasúir agus dúradh freisin go ndearna strainséirí a bhí ag ól díobháil dóibh le bliain nó mar sin. Luaitear costas de €860 milliún i gcostaisí cúraim agus cailteannas oibre le torthaí na tuarascála.
Tá míniú lorgtha ag Tuairisc.ie ó RTÉ chomh maith ar conas ar éirigh leo ina dTuarascáil Bhliantúil costas a chur leis an soláthar clár do 2017 agus gan aon taifead acu faoin soláthar sin.
Ní léir go hiomlán fós an tionchar a bheadh ag feidhmiú mholtaí na tuarascála ar shaol na craoltóireachta Gaeilge, ceann de na gnéithe is mó costas maidir le tacaíocht an stáit don teanga, lasmuigh den chóras oideachais.
Deirtear i dtuarascáil RPS Consulting go mbeadh costas idir €316,000- €530,000 ar an Stát leis an talamh atá buailte a cheannach agus go gcosnódh sé seacht n-oiread sin, idir €3- €4 mhilliún, leis an mhóin uile a bhogadh.
Tá sé ráite ag an dTaoiseach, Enda Kenny, nach bhfuil aon chinneadh déanta go fóill faoin gcostas a bheidh ar an bpróiséas nua méadrú uisce agus nach ndeánfar aon chinneadh go dtí go gcuirfear tuarascáil de chuid na Roinne Comhshaoil ina thaobh faoi bhráid an Rialtais.
Ón 64.9m Euro a fuair Roinn Ealaíon, Oidhreachta is Gaeltachta ón gciste fuair scéimeanna tacaíochta Gaeilge 3.7m Euro. Luadh an costas a bhaineann le Eircode sa tuarascáil freisin.
Mar chuid den tuarascáil, ar cuireadh bailchríoch anuraidh uirthi, luaitear gur tháinig laghdú 30% ar an gcostas a bhaineann le seirbhísí raidió Gaeilge RTÉ idir 2010 agus 2012, agus gurbh é RnaG, mar an tseirbhís Ghaeilge is costasaí ag RTÉ, is mó a d’iompar na ciorruithe sin.
Maítear sa tuarascáil go bhfuil an costas a bhaineann le seirbhís nuachta RnaG níos ísle ná stáisiúin eile, ach go bhfuil líon ard de bhaill foirne ag RnaG i gcomparáid le Lyric FM agus 2fm.