Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

10,000+ toradh in 5,724 doiciméad

  1. #385727

    Dearcaimid an Lá trína súile, téimid leo ag siúl ar shráideanna an Luain, ag caint, ag argóint, ag ithe agus ag ól, ag snámh, ag brionglóideach, ag máirseáil, ag marú, ag díol is ag ceannach, ag fiach, ag breathnú i ndiaidh na gcailíní, ag bloghadh fuinneoga na Cathrach, ag éisteacht le banna ceoil, ag bearradh feasóige, ag dul in eangacha an bháis.

  2. #1118612

    ‘Rinne mé síolchur trí shléibhte agus mionlathacha na Éireann le falradh feadóg ag innsint seanscéalta, ag fiannaíocht agus ag briadaíocht is ag síogaíocht, is ag cliaraíocht is ag rannaireacht, sealad ag staraíocht agus ag abhlóireacht, tamall ag fidléireacht is ag trumpóireacht, ag dordánacht is ag breallánacht is ag feadánacht, agus ag ól Sheebang nó Mundungus....

  3. #1960241

    Coinnigh ort ag caint, ag canadh, ag scríobh, ag léiriú, ag stocaireacht, ag ceol, ag foghlaim, ag freastal, ag teagasc...

    Bliain eile beo i dtrinse na teanga: Níl ionat ach duine amháin agus rinne tú do dhícheall, nach ndearna? – Pól Ó Muirí

  4. #1654251

    Caithim mo chuid ama ag ceol cuid mhaith, ag cócaireacht, ag iarraidh a bheith ag scríobh amhrán, ag múineadh Gaeilge, ag staidéar, ag rith agus ag siúl.

  5. #1881602

    I mo thimpeall agus mé ag éirí aníos feiceas dom go raibh saol an-anróiteach ag mná – bhídís ag obair istigh is amuigh, iad ag iarraidh punt a dhéanamh as scilling, ag cniotáil, ag fuáil, ag tarraingt uisce gan stad agus ag crochadh potaí móra troma uisce is beatha ar an tine, ag saolú agus ag beathú clainne agus ag tindeáil ar sheandaoine agus ar a gcuid fear, cuid acusan a bhí tútach go maith.

  6. #1885022

    Ionsaí mailíseach ar Halla OráisteachDúirt an TD Pádraig Mac Lochlainn aréir gur ionsaí ar an phobal uilig an t-ionsaí mailíseach a rinneadh ar Halla Oráisteach Bhaile Úr Uí Chuinneagáin, agus gur chóir do dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoin eachtra , teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí Tá sé deimhnithe ag Gardaí gur go mailíseach a lasadh tine ag Halla den Ord Oráisteach i mBaile Úr Uí Chuinneagáin ag an deireadh seachtaine.Rinneadh scrúdú dlí eolaíoch ar an halla, agus deimhníodh gur d'aon turas a lasadh an tine go luath maidin Dé Domhnaigh.Osclaíodh an halla in athuair in 2011, i ndiaidh dó a bheith druidte ar feadh roinnt blianta, agus bhí úsáid a bhaint ag baill áitiúil den Ord Oráisteach agus ag coistí pobail sa cheantar as an halla.Dheimhnigh Gardaí gur lasadh tine i dtrí áit faoi leith san halla.Dúirt an Teachta Mac Lochlainn gur mhaith leis comhghuaillíocht an phobail uilig i nDún na nGall a léiriú don mhionlach Protastúnach ag an am seo.Dúirt sé fosta, nach bhfuil dabht ar bith ina intinn, ach go n-aontóidh an phobal le chéile agus go dtógfaí siad an halla arís.Staidéar ar fhiontraithe i nDún na nGall:Tá Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall ag déanamh staidéir ar an mhéid fiontraithe cruthaitheacha atá ag obair sa chontae.Meastar go bhfuil thart ar 2,000 duine fostaithe sa chontae i dtionscnaimh cruthaitheacha, na healaíona ina measc, ach tá súil ag an Oifig Fiontair, eolas níos cruinne a bheith acu nuair a bhéas an staidéar críochnaithe.Tá an staidéar díreach tosaithe, agus Comhairleoirí ina bhun, agus deir Micheal Ó Tonnaí, Príomhfheidhmeannach Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall go bhfuil sé mar sprioc acu an staidéar agus straitéis fostaíochta don earnáil seo a bheith réidh roimh an Nollaig.Éisteacht phoiblí faoin N56 inniu:Beidh éisteacht phoiblí ag an Bhord Pleanála i Leitir Ceanainn inniu maidir leis an obair atá beartaithe ar bhealach an N56 ag an Cúl Buí, idir Cill Mhic Néanáin agus Leitir Ceanainn.Is in Óstán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn a bheas an éisteacht ag an Bhord Pleanála agus d'fheadfadh sé mairstean cúpla lá.Beidh éisteacht phoiblí inniu fosta maidir le hordú ceannaithe éigeantach le seilbh a ghlacadh ar thalamh sa cheantar seo le tabhairt faoin obair chóirithe ar an phíosa seo bealaigh.Tá talamh le ceannacht faoi Ordú Ceannaithe Éigeantach leis an fhorbairt a dhéanamh, agus tá achomharc déanta ag 35 úinéir talaimh mar gheall air.Rinne an Chomhairle Condae Staidéar Tionchar Timpeallachta ar an cheantar agus de réir an staidéir, beidh tionchar ag an obair ar cheantar ata aitheanta faoi cheantair caomhnaithe Aontas na hEorpa.Beidh an t-ordú Ceannaithe Éigeantach agus an Staidéar Tionchar Timpeallachta mar ábhar díospóireachta ag éisteacht an Bhord Pleanála inniu.6 chomhlacht úr bunaithe le seachtainCuireadh sé cinn de ghnónna úra ar bun i gContae Dhún na nGall le seachtain.Do réir oifig na gcomhlachtaí, cuireadh 404 gnó úr ar bun sa tír ón 8ú go dtí an 12ú lá de Mheán Fómhair.Cuireadh gnó uirlisí ar cíos ar bun sa chontae, le cois gnó atá ag plé le seirbhísí déiríochta, seirbhísí sláinte agus aclaíochta, gnó díol gluaisteáin dara láimhe, agus gnó atá ag plé le cúrsaí ríomhaireachta.Cúrsa Cúram Leanaí    Beidh seisiún eolais faoi chúrsa cúram leanaí Fetac Leibhéal a  6 á eagrú ag Muintearas i nGaoth Dobhair tráthnóna inniu.Caithfidh cáilíochta Fetac Leibhéal 5 a bheith ag daoine a bhéas ag plé le cúram leanaí ó Mheán Fómhair 2015 ar aghaidh, agus caithfidh cáilíocht leibhéal 6 a bheith ag bainisteoirí ionaid cúram leanaí.Beidh tús a chur ag Muintearas go luath lena gcúrsa, agus beidh eolas a thabhairt ar an chúrsa a bheas a reáchtáil acu i Naíolann Ghaoth Dobhair, ar a 7.00 tráthnóna inniu.Ceardlanna Meabhair-Shláinte sa Ghaeltacht:Tá sraith ceardlanna a n-eagrú ar fud Dhún na nGall dírithe ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu, agus dóigheanna le dhul i ngleic le féinmharú.Tá páirtnéireacht ar bun idir Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus eagraíoc

  7. #1137698

    Thugadh sé saoire an tsamhraidh ag tabhairt cúnaimh dá athair, ag obair ag feirmeoirí eile agus ag casadh ceoil ag céilithe a bhíodh ag na scoláirí a bhí tagtha ag foghlaim Gaeilge.

  8. #758315

    ‘…síneann siad mé, cá bhfuilim a deirim, agus seo mé ag croitheadh mo chinn, ag iarraidh…táim ar mo ghlúine, tá fuil le mo shrón, tá na opiates ag magadh fúm ó imeall an chró, gach ceann díobh faoina hata féin mar atá ar Popeye Doyle in The French Connection, iad all lined up and ready to go, agus an mullán bán leis féin, an sliabh bán beannaithe holy mountain holy shit oiread mála plúir de, táim ag caint ar mhála man ceann de na málaí full bags sin – chomh teann le tóin a bhfuil do cheann ag rá le do lámh breith uirthi ón gcúl agus í ag siúl romhat – a bhíonn acu ar chúl diner do na pancóga, mála na málaí man, agus sínim mo lámh ’dtí an chruach chun lán mo dhoirn de a sciobadh, táim fós ar mo ghlúine, ach tá an glove trom-mheáchain orm, heavyduty, heavweight, agus ní féidir an púdar naofa a sciobadh, ná bac lán do dhoirn ach oiread de a ghreamódh de bharr do lúidín féin, gan an glove a bhaint agus tá an iall agam anois idir na fiacla agus táim ag stracadh le m’fhiacla, gotta get this glove off man, nó táim right off this planet, it’s bye bye Zabriskie, is tíogar mé agus tá an zebra cleaimpeáilte agam, grrrrrrrr, tá blas na fola i mo bhéal anois ó mo shrón agus i mo bhéal tíogair ón zebra agus I want more man, I gotta have my doggy yum-yums agus tagann séideán gaoithe as áit éigin, nó ligeann an slua liú – b’fhéidir gur uathu siúd é – agus iad ag rá don’t do that…c’mon Zabriskie get up offa your knees agus chím na focail féin ag éirí san aer mar atá ag Doonesbury ina strip, c’mon Zabriskie get up offa your knees nó beidh an babhta thart, agus scuabtar an mullán bán chun siúil, séideann sé san aer agus tá sé ina scamall bán ag imeacht os a gcionn, cropduster ag sceitheadh scamaill anuas, agus scaoilim mo ghreim ar cheathrú an zebra, agus éirím i mo sheasamh agus fuil ag sileadh liom, agus dírím mo dhá lámh san aer ag iarraidh breith ar an scamall bán, agus ardaíonn an slua liú eile, agus an scamall bán ag tuirlingt ar a gceannaithe siúd, agus NO WAY don’t blow away the holy mountain ag teacht as mo bhéal féin, ach ceapann an slua go bhfuilim ag ligean gártha an bhua, I nailed the sonofabitch nó I nailed the motherfucker good and dead to the canvas agus ní chloiseann éinne beo mé ach mé féin os cionn an tslua agus all the way Zabriskie all day a day at a time á rá ar chúis éigin acu siúd….

  9. #881161

    Bhí an géarbhach ag éirí fleách agus na crainnte thall, fé lánduilliúr, ag luascadh in aontacht, a lapaí móra glasa ag scáthdhornálaíocht le chéile, ag lúbadh ar chlé, ar dheis, ar chlé arís, ag seachaint bhuillí a chéile gan iarracht, ag lúbadh agus ag cromadh, ag luí ar a chéile, ag cosaint a chéile, ag déanamh spóirt fé spéir chineálta ghorm.

  10. #1024769

    De dheasca an phraisigh atá déanta ag na baincéirí den tír, agus ag Fianna Fáil, agus ag na daoine a chaith vóta dóibh, agus ag na heacnamaithe a líon a seolta le gaoith agus a gcuid pócaí le hairgead, agus ag na baincéirí arís, agus ag na hidé-eolaithe a shíl nach raibh (agus nach bhfuil) a mhalairt de bhóthar ann, agus ag na páirtithe polaitiúla eile a bhí breá sásta seachas is nárbh iad a gcuid crág a bhí sa scipéad meala, agus ag na baincéirí arís, tá ag teacht amach as na pluaiseanna dorcha, agus aníos as na poill in adhmad an íoslaigh, agus ag gliúcaíocht trí chaille mhodartha a seanmhianta, an bhaicle sin nár ghlac riamh le barántúlacht an Stáit.

    Dá mba rud é . . . – Alan Titley