Gaois

Search mode

Filter results

Collections

Word forms

ar

muin

muc

133 results in 116 documents

  1. #1725042

    Tá na feilméaraí ar mhuin na muice - nó ar mhuin na caorach ar aon nós.

  2. #1034044

    Is ar éigean go bhfuil a ngreim coinnithe ag an dá pháirtí ar mhuin na muice.

    Fianna gan fáil – Pól Ó Muirí Eagarthóir Gaeilge

  3. #1313162

    Mura raibh ar muin na muice (áit a bhfuil drochbholadh), bhí ar dhroim an tíogair.

    Beirtí, Brian agus céim oinigh – Alan Titley

  4. #827192

    Smaoinigh sé siar ar a thréimhse i Meiriceá agus chomh deacair is a bhí sé teacht ar ábhar léitheoireachta mar seo, agus ar na foghlaimeoirí agus na hÉireannaigh ar fud an domhain a bheadh ar mhuin na muice ach a bheith in ann na leabhair seo a cheannach.

  5. #1032106

    Bhí ár rumspringa againn, agus anois táimid ar ais ar dhroim na duairce seachas a bheith ar muin na muice.

    Bliain na hainnise – Alan Titley

  6. #420189

    Agus sara mbeadh ‘cait amach!’ ráite ag bean an tí lena Pangur mór Peirseach tar éis dó a stéig bhradáin a ghoid óna pláta faid is a bhí sí ag scaidhpeáil a hiníne san Astráil, bíonn siad thar n-ais ar ár scáileáin theilifíse agus ar leathanaigh chúlchainte inár nuachtáin agus gan cíos, cás ná cathú orthu ach iad ar mhuin na muice agus ar scamall a naoi, na bithiúnaigh, na bligeaird agus na buinneacháin.

  7. #1031099

    Má cheapann aon duine i nDáil Éireann gur féidir leo iarraidh ar ghnáthmhuintir na tíre dul ar oilithreacht Locha Dheirg ar feadh cúig bliana, fad is a mhaireann siadsan ar muin na muice, tá dul amú orthu.

    Fianna Fáil ag troid in Éirí Amach na Cáise – Seán Ó Héalaí

  8. #1541626

    Léiríonn na scéalta seafóideacha seo nach féidir leis na daoine atá i gceannas ar an bhfiontar Eorpach fírinne an scéil a phlé.  Ní féidir leo glacadh leis go bhfuil daoine ar fud na hEorpa ag éirí míshuaimhneach faoin nualiobrálachas, fiú nuair a admhaíonn leithéidí Minouche Shafik, Stiúrthóir Scoil Eacnamaíochta Londan, sa Financial Times go bhfuil an pobalachas tagtha ar an saol toisc go bhfuil an íos-mheánaicme agus an aicme oibre níos measa as san Eoraip anois fad is atá na daoine is saibhre ar mhuin na muice.

  9. #1753114

    Ár gcéad míle fáilte roimh Bheairic Ó Báma, an Slánaitheoir, an Fuascailteoir, an tUngthach féin; é siúd a chuirfidh gach rud ina cheart arís agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar ais ar bharr an domhain mar is cóir, ar muin na muice mar is ceart, agus ar bharr gach liosta ceana, mar a bhíodh san am fadó.

  10. #582375

    Bhínn ag rá agus ag síor-rá ó dhiúin go crónachan dá n-éireodh liom a theacht ar líne nó áilín uibheacha i bpoll nó i bprochóg, i scailp nó i sáinn agus gan aon ghor fiáin a bheith faighte acu go mbeinn ar mhuin na muice gan srian ná diallait ach nár chuma; chneasódh scóladh an chadairne ina am fhéin agus nárbh fhearr go mór fada é ná srathair na hainnise a bheith ar chapall na tubaiste agus súil Uí Dhubhda a bheith le Ard an Rí agam.

  11. #871409

    ‘Scátháin, ar m’anam.’ Ní raibh ag teastáil ach freagra éigin agus iad ar mhuin na muice anois, airgead á shaothrú agus á chaitheamh.

  12. #976115

    Ar Mhuin na Muice le Bríd Ní Mhaoileoin le hordú ó www.brid.at

    Gaeltacht Ros Goill - saotharlann nua teanga – Pol O Muiri, Eagarthoir Gaeilge

  13. #987792

    “Táimid anseo in Iarúsailéim, Mecca gach leantóra spóirt,” nó “Tá an taoide linn anois ar muin na muice,” nó “Caithfidh duine éigin breith ar adharca na liathróide,” .

    Trapattoni, tubaistí teanga agus teip – Alan Titley

  14. #1000612

    Agus má tá eacnamaíocht againn ní hamháin go mbeifear ar muin na muice, beimid ar muin marc a chéile le maoin, agus ag muineadóireacht gan stad.

    Caitear airgead leis – Alan Titley

  15. #1003375

    Socraíodh go mbeadh na boic mhóra i gCumann Feirmeoirí Éireann ar muin na muice, agus ba chuma dá mbeadh cách a chéile eile ar nós an asail.

    Broimneach na bó – Alan Titley

  16. #1024723

    Beidh daoine eile ar muin na muice, agus ní shamhlófar salach mar bhall í.

    Amanathar! – Alan Titley