Skip to main content
CORPUS OF CONTEMPORARY IRISH
Results (56)
An seabhrán a bhí ag imeacht óna chlúdach colna cháithfeadh sé coirce.
Cóil Learaí Ó Finneadha: An Ghlanfhírinne. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Page: 043
Diomaite den leagan caighdeánach buíóg, nó buidheog, gheibhtear fosta Siobháinín bhuí, coinnlín cátha agus corcán buí.
An bhuidheog. An tUltach 89 (2), 10-11. Gerry Oates.
Page: 10-11
Date: 2012-02-01
Déardaoin seo cáite bhí cluiche acu in aghaidh na hAlban i gCorcaigh.
Tá cothrom na Féinne tuillte ag na 'Cailíní i nGlas' – Gan ainm
Date: 2012-06-22
Bhí farraige cháite ag sileadh as a chuid éadaigh.
Beairtle Ó Conaire: Iad seo nach bhfaca. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Page: 026
Braitheann Icarus an díomais an fharraige cháite ina thimpeall anois.
Scott de Buitléir, Caitríona Ní Chléircín, Deirdre Ní Chonghaile, Majella McDonnell, Simon Ó Faoláin, Muiris Ó Meara, Ailbhe Ní Ghearbhuigh: Blaiseadh Pinn: Nuascríbhneoireacht Ghaeilge. Cois Life 2008.
Page: 026
Siúd ar aghaidh é ag snámh leis in uiscí cáite an rock ’n roll.
Bob Dylan – cumadóir eisceachtúil amhrán agus ealaíontóir fiosrach, forásach: Lá mór é do Bhob Dylan a bhfuil an Duais Nobel bronnta air as saothar a shaoil, ach lá mór chomh maith é don amhrán mar fhoirm ealaíne – Tadhg Mac Dhonnagáin
Date: 2016-10-13
Chaith na coiníní cáitheadh airgeadúil uathu agus iad ag pléascadh amach as a gcuid poll.
An Bád. Feasta 64 (2), 7-9. Diarmuid Ó Tuama.
Page: 7-9
Date: 2011-02-01
Bhí lonnadh sa bhfarraige anois, agus an fharraige cháite ag dul in aer.
Máire Uí Dhufaigh. Raic. Leabhar Breac 2015.
Page: 148
Bhí spionnadh fúithi, farraige cháite ag dul in aer agus a haghaidh amach sa bhfarraige mhór.
Máire Uí Dhufaigh. Raic. Leabhar Breac 2015.
Page: 162
Bhí cáitheadh á chur aníos agus corrthonn ag briseadh thar an tslat bhoird.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Page: 058
Dhéanfaí an cáitheadh leis an ngaoith nuair a bheadh breis bheag eile buailte.
Mo chuimhní cinn 10. Irishleabhar Mhá Nuad 2013, 106-200. Pádraig Ó Fiannachta.
Page: 106-200
Date: 2013-01-01
Bhí leoithne bheag ghaoithe ann agus b’fhurasta an cáitheadh a dhéanamh tar éis an bhuailte.
Mo chuimhní cinn XI. Irisleabhar Mhá Nuad 2014, 23-134. Pádraig Ó Fiannachta.
Page: 23-134
Date: 2014-01-01
Cáitheadh dubh dorcha.
Gabriel Rosenstock. Ríocht na Cailce. LeabhairCOMHAR 2005.
Page: 003
Níor tháinig aon mheath ar an draíocht chraplaíochta nuair a chuir an tonn an chéad cháitheadh uaithi agus í ag alpadh na n-oileán beag.
Labhrás Ó Finneadha: Íbíotsa. Cois Life 2015.
Page: 115
Bhí an cháith agus an grán á ndeighilt óna chéile aige, agus in ionad na seanscéalta agus an stair bhréige, bhí fíorstair ár dtíre á tabhairt dúinn aige.
An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (10 Meitheamh 1916) – Maitiú Ó Coimín
Date: 2016-06-10
Ach ní sin a chloisim (ar aon nós, táim den dtuairim go bhfuil ceol na gclub chomh sláintiúil is a bhí riamh ach an grán a scaradh ón cháith).
Filleadh neamhiomlán na Chemical Brothers: 'Born In The Echoes' – Ben Ó Faoláin
Date: 2015-07-13
Roinnt bhlianta ina dhiaidh san d’​aistríodar arís agus d’​imíodar chomh fada le Cathair na Cátha lastuaidh de Bhéal Átha an Ghaorthaidh.
Ó MUIMHNEACHÁIN, Aindrias (1905–1989)
Date: 2017-05-24
Eascraíonn na focla seo go léir ón Laidín vanellus, leagan díspeagtha de vannus ‘roithleán a scagann an cháith ón ghrán’.
An fháinleog. An tUltach 86 (9), 22-23. Gerry Oates.
Page: 22-23
Date: 2009-09-01
Ba mheallacach rosc cátha Trump do dhaoine bochta geala ar tugadh neamhaird orthu, dar leo, nó ar tugadh bata agus bóthar dóibh as tionscail a bhí ag cailleadh airgid leis na blianta.
An masc ag titim – Gan ainm
Date: 2017-08-21
Ní amháin go bhfuil £70 milliún le bheith cáite ar Pháirc Mhic Easmainn ach tá staid úr bearthaithe ag Páirc Windsor.
Ní páirc úr CLG atá de dhíth ar Bhéal Feirste – Gan ainm
Date: 2013-08-12
Faoina anáil a chum Ó Gaoithín an líne filíochta “peidhleacán mór a bhí inti is na sciatháin ag cáitheadh draíochta”.
Stiofán Ó Cadhla: An tSlat Feithleoige. Cló Iar-Chonnacht 2011.
Page: 088
Faoina anáil a chum Ó Gaoithín an líne filíochta “peidhleacán mór a bhí inti is na sciatháin ag cáitheadh draíochta”.
Stiofán Ó Cadhla: An tSlat Feithleoige. Cló Iar-Chonnacht 2011.
Page: 088
Mullach a chinn idtír ar thalamh Mheiriceá nuair a shínfeadh sé siar agusladhracha a chos ag cur farraigí cáite i dtír ar chósta nahÉireann ag an am céanna.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Page: 023
Blianta a chaitheadar ag tóraíocht sa snáth mara, ag impí ar an taoille cháite cnámarhlach a choirp a thabhairt de shólás dhóibh.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Page: 153
Bhí mo mhanach imithe is an lá ag breacadh, cáitheadh liath na maidne ar an mhuir mhóir os coinne na fuinneoige.
Filíocht. Comhar 70 (10), 22. Cathal Ó Searcaigh.
Page: 22
Date: 2010-10-01
Go mbaine tuairisc.ie tine chreasa as scáileáin idirlín ar fud Éireann agus go scaipe siad eolas ar fud na cruinne, fearacht mhanaigh ár gcine a thug turas thar farraigí cáite.
Ardáin agus Ísleáin: Tá tús nua (eile) in ann don fhocal scríofa agus don iriseoireacht Ghaeilge agus ní beag iad na dúshláin atá roimh tuairisc.ie a bhuaigh an comórtas chun nuachtán ar líne a sholáthar, a scríobhann Aodh Ó Coileáin. Comhar 74 (5), 15. Aodh Ó Coileáin.
Page: 15
Date: 2014-05-01
Chonaic sé an raithneach ar na sléibhte, crainn darach mhaorga arda; bhraith sé cáitheadh na dtonnta bána ar an aigéan.
Ceol an Fhocail. Feasta 68 (9), 6-8. Eithne Ní Dhomhnaill.
Page: 6-8
Date: 2015-09-01
Ar an láthair sin a chonacthas scéimh an stróinséara i gceart den gcéad uair: na crainn solais ag cáitheadh air.
Dréachta Chrích Fódla: iml. 1. Feasta 60 (5), 41-46. Pádraig Ó Cíobháin.
Page: 41-46
Date: 2007-05-01
Bhí boigeacht san aer agus bhí sé chomh caoin agus chomh cneasta san go raibh sé ag cáitheadh séimhe agus suaimhneas ar an aigne agus ar an gcorp.
Iomramh Bhéanainn 2011 Ón nDaingean go hÍoslainn. Feasta 67 (1), 14. Daithí de Mórdha a sheol ag Oireachtas Chill Airne 2013.
Page: 14
Date: 2014-01-01
Ní raibh bac ar bith ar an bhfarraige cháite a thosaigh ag teacht isteach ón taobh thoir.
Máire Uí Dhufaigh. Raic. Leabhar Breac 2015.
Page: 081
Tháinig sé go tobann, báisteach, cáitheadh aníos ón bhfarraige, agus tonnta móra ag briseadh thar thosach an bháid, agus thar thaobh na sceathraí go háirithe.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Page: 076
Ón méid a chonaic muid ag an champa samhraidh an tseachtain seo cáite, tá oidhreacht Aisteoirí Ghaoth Dobhair breá slán ag na glúnta atá le theacht.
'Mol an óige agus tiocfaidh sí' - Campa Samhraidh Amharclann Ghaobh Dobhair – Seán Ó Baoill
Date: 2017-07-21
Bhí an uain ar bun ar fad an geimhreadh úd, farraige cháite, stoirm agus anaithe ag bascadh an oileáin agus a mhuintire.
An Blascaod inné, Toraigh inniu… cén fáth go mbíonn ar oileánaigh dul i mbun agóide chun aon ní a bhaint amach?: Bhraith rialtas i ndiaidh rialtais gur saoráidí a bheadh an saol acu dá mbánófaí na hoileáin ar fad ar chósta na tíre – Daithí De Mórdha
Date: 2018-02-26
Cé go raibh farraigí cáite, fuacht agus tinneas den uile chineál ag goilliúint orthu, bhain siad a gceann scríbe amach sa deireadh thiar.
Ar éigean a chodail siad néal le 36 uair an chloig roimhe sin sa bhfuacht feannaideach…: Dála na beirte a bhí ina theannta, chreid Tom Crean go raibh lámh Dé sa mhíorúilt a tharla sa tSeoirsia Theas i mBealtaine na bliana 1916 – Kevin Hickey
Date: 2018-03-02
Níor cáitheadh sneachta riamh ba dhúthrachtaí agus níor thit clagar ba neamh­thruamhéalaí ná mar a bhí Scrúg.
Mórsheoladh ag leabhar breac ag Oireachtas na Samhna, Cill Airne. Feasta 70 (12), 15-17. Breandán Ó Cróinín.
Page: 15-17
Date: 2017-12-01
Tá rabhadh faoi leith tugtha acu faoi bhóithre cois cósta i gcontaetha an Chláir, Chonnacht, agus Dhún na nGall agus baol farraige cháite in go leor áiteanna.
Gan teideal: Thug Met Éireann le fios tráthnóna go raibh luas 147 ciliméadar san uair leis an ngaoth ag Ceann Mása i gCarna inniu ag an tráth ba thréine Stoirm Ali, atá ag bailiú léi soir ó thuaidh go hAlbain anois. Tá an dara duine básaithe de bharr na stoirme agus fear a bhí sna fichidí maraithe san Iúr i ndiaidh do chrann titim air – Gan údar
Date: 2018-09-19
Ní haon dóithín iad na hárthaigh seo a láimhseáil agus iad faoi lán seoil, go mór mór ar fharraigí cáite.
Gan teideal: Sraith álainn í Bádóirí ina dtugtar léargas álainn dúinn ar an dream a bhíonn ag plé leis na húicéirí – Breandán M Mac Gearailt
Date: 2019-01-22
Bhí mé bréan den Bhreatimeacht roimh an vóta lán brí - agus, ag an am céanna, gan bhrí - an tseachtain seo cáite agus níl rudaí tar éis éirí níos fearr ó shin.
Bréanimeacht - an léirmheas – Gan ainm
Date: 2019-01-21
Ach bíonn beagán gráin tríd an gcáith, agus is soiléir dúinn in aineoinn na mbréag go bhfuil ár agus dochar mór á ndéanamh ar a chéile ag na cumhachtaí atá ag treascairt sa gcogadh seo.
An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo
Date: 2015-01-30
Spin, Hip Hop Connection, International DJ, Jockey Slut, Melody Maker, Foggy Notions &rl) tá dualgas an iriseora chun an grán a scaireadh ón cháith i dtaobh gcursaí ceoil níos tábhachtaí ná a bhí riamh.
Julia Holter: Banríon nua popcheoil chugainn – Ben Ó Faoláin
Date: 2013-06-04
Sa tSlóivéinis bheirtear strnad ar an bhuíóg agus tá an focal céanna ag an tSeicis a thig ón fhréamh choiteann strn ‘coinleach’, agus d’fhéadfaí na téarmaí seo a chur i gcomórtas leis an leagan Gaeilge coinlín cátha a chiallaíonn ‘éan an choinligh’ toisc go gcaitheann na buíóga cuid mhór ama ag saothrú a gcoda sa choinleach i ndiaidh bhaint an choirce.
An bhuidheog. An tUltach 89 (2), 10-11. Gerry Oates.
Page: 10-11
Date: 2012-02-01
Ba é an seat ab fhearr ná Lise de ruathar anuas le fána, marcaíocht na dtroitheán, coscáin ag scréachaíl, réabadh timpeall an chúinne, cúlroth sciorrtha, toirt sléibhe sa chúlra, an rothar iomlán san aer de dhroim tulóige, tuirlingt de phlimp sa sruth, an t-uisce ag cáitheadh ceatha chun an cheamara – is an gleann glas ar lánleathadh de thurraing lena teacht ar an láthair.
Dermot Somers: Ar Muir is ar Sliabh. Cois Life 2009.
Page: 077
Cúis díomá níos mó ná cúis aiféala leis an Rialtas – cé gur éirigh leo, cuid mhaith, an tír a stiúrú trí fharraigí cáite na géarchéime eacnamaíochta, shílfeá in amanna gur dream iad a thuigeann praghas gach aon rud ach nach n-aithníonn luach rud ar bith, go mórmhór gné an chultúir de shaol na tíre.
Súil siar ar 2015 le…Tadhg Mac Dhonnagáin
Date: 2015-12-30
Miotal ina chnámha agus spreacadh dochreidte ina chuid géag de bharr chleachtadh na mblianta ag iomramh curacha canbháis i bhfarraigí cáite agus an síoraclú a bhain lena cheird ar láithreacha tógála an bhaile mhóir.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Page: 060
Neadracha éanlaithe mara le feiceáil go fairsing ar stuaic ní ba leithne a bhí ag gobadh amach os cionn farraige cháite.Níor áit do chroí fabhtach é. Tonnchrith le mothú i spreacadh na haille nuair a bhrisfeadh maidhm a droim istigh san uachais a bhí tochlaithe ag an síor-rómhar faoi bhun na stuaice.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Page: 153
Is ait linn de thuairim san, mar go ndéarfadh fear Chloichir nó na Gráige leat ná raibh aon áit ar Bharra na hAille, ó Charraig a’ Chinn ó thuaidh chomh fada le Barra Fhaill Buí, ná go mbíonn an fharraige ag cáitheadh sobail os a chionn, gaoth ag gabháil lastuas de, isteach díreach ón bhfarraige, ó Shamhain go Bealtaine.
An Ghráin fé Cheilt: Seo an chéad chuid de ghearrscéal nua le Pádraig Ó Cíobháin a bheidh ina chnuasach úr, De Chion Focal, a fhoilseofar go luath. Beidh an chuid dheireanach ar eagrán na míosa seo chugainn.... Comhar 75 (5), 21-24. Pádraig Ó Cíobháin.
Page: 21-24
Date: 2015-05-01
Chínn an bainne ag cáitheadh isteach sa bhucaod, an sobal ag éirí ar uachtar, mé tapaidh mo dhóthain chun crúite chuige-sean, agus chínn, sea chínn ceannaithe agus folt liath m’athar chríonna agus é ag ardach a chinn óna ucht.
An dealas i lár na léithe: Sliocht as eagrán nua d’úrscéal le Pádraig Ó Cíobháin, a d’ fhoilsigh Coiscéim i dtosach sa bhliain 1992, atá as cló le tamall, ach a mbeidh athchló de ar fáil an bhliain seo chugainn. Comhar 76 (10), 22-26. Pádraig Ó Cíobháin.
Page: 22-26
Date: 2016-10-01
Ba ghearr go raibh Bóthar na Céibhe faoi shruth uisce agus cáitheadh na farraige mar a bheadh deatach ann á scaipeadh trasna an bhóthair agus suas chomh fada leis na tithe ba chóngaraí.
Máire Uí Dhufaigh. Raic. Leabhar Breac 2015.
Page: 081
Is cosúil nach leor na radharcanna taibhseacha, an taobh tíre álainn ná farraigí cháite an Atlantaigh chun an bealach a dhíol; b’fhearra dhuit ailp iarainn a thiomáint síos sa talamh chun a thabhairt le fios do chuairteoirí gur fiú stopadh agus pictiúr a thógaint den áilleacht.
Rian ‘an chrochadóra’ ar Shlí an Atlanaigh Fhiáin i gCorca Dhuibhne: Ní frapaí a d’fhág criú an scannáin Star Wars ina ndiaidh iad na struchtúir atá ag loit áilleacht Chorca Dhuibne ach ‘marcanna margaíochta’ Fáilte Ireland – Daithí De Mórdha
Date: 2017-02-06
Foilsitheoir: Éabhlóid – 978 0995611900 I gCáitheadh na dTonn tá úrscéal atá lonnaithe i nGaeltacht Ghaoth Dobhair chomh maith le dhá ghearrscéal agus dráma a léiríonn saol na ndaoine sa cheantar ag tús an chéid seo caite.
Leabhair an Fhómhair le Love Leabhar Gaeilge: Tá Liosta Leabhar an Fhómhair fógartha ag Love Leabhar Gaeilge - an feachtas margaíochta atá á eagrú ag Cumann na bhFoilsitheoirí i gcomhar le siopaí leabhar na tíre. Féach thíos an 16 leabhar atá ar liosta na míosa seo, agus na siopaí leabhar atá á gcur chun cinn! – Gan údar
Date: 2017-10-19
Má d’fhuadaigh an gála an tslinn de mo theach aréir ná habair liom gur aoibhinn leat an fharraige cháite agus síonaíl na gaoithe 2.
Má tá mo dhoras oscailte ná ceap gur cuireadh atá ann, seans go mbeinn ar tí uisce na gcos a chaitheamh amach…
Date: 2015-03-18
Bhí an cáitheadh ag dul go barra an chrainn seoil.… Shamhlaíos Manannán Mac Lir ina charbad á tharrac ag tonnta geala na farraige.
Iomramh Bhéanainn 2011 Ón nDaingean go hÍoslainn. Feasta 67 (1), 14. Daithí de Mórdha a sheol ag Oireachtas Chill Airne 2013.
Page: 14
Date: 2014-01-01
Trí chuilce an earraigh romhaibh: an chraobh thúise, luachair Bhríde, cáitheadh pailine ón gcoll.
FOCAL IS FUAIM: Biddy Jenkinson ag léamh as a cnuasach filíochta Oíche Bhealtaine (Coiscéim 2005)
Date: 2015-06-22
cáitheadh sneachta white herons not born yet  .
Gan teideal: Haiku i nGaeilge agus i mBéarla le Gabriel Rosenstock agus é ag freagairt do shaothar an ealaíontóra Ohara Koson, Seapánach – Gan údar
Date: 2018-11-19
Ná héist le dadaí atá ráite ag madaí na sráide, Ag cur roc ina malaí faoi chailín atá cráite, Nó ag geartháil faoin bhfear thall atá ag brácáil ach cáite leis an mbaol ar an saol go mbeidh a anamsa caillte, Ach mar bhaill den chine daonna ní féidir linne staonadh ó na tréithe ceannan céanna atá againne inár ngéinte, Agus ar nós tréithe daonna i ndéithe na gréige, bímid buailte le claonadh chun gluaiseacht a dhéanamh.
Amhrán na hAoine: 'An Saol Rúnda', Oisín Mac – Foireann NÓS
Date: 2017-10-06
(i) Chleachtadh m’Uncail Wolf cois farraige na tonnta aontéamacha gruaig liath scáinte dordveidhleadóir aonair ar a choimeád ó shibhialtacht iarchogaidh na Gearmáine (ii) Thagair sé Uair amháin do bhean a éigníodh cúig uaire is fiche as a chéile tráth ionradh na Rúiseach ar Bheirlín laethanta deiridh an áir is ansin a thuigeas a dháimh leis an dordveidhil cois trá foilmhe lomlan mhacallach na broinne paitean cuar an adhmaid (iii) Dá mairfeadh sé míle bliain bheadh cáitheadh mara fós ann nach mbánófaí suaitheadh i gcorplár na dtonn nach gceansófaí gráinníní gainimh i mbuanghéibheann agus an corda athshlánaithe úd nach n-aimseodh a bhogha in am Mora dhuit, a Thaoisigh mo chroí is a Thiarna m’anama!
FOCAL IS FUAIM: Gabriel Rosenstock ag léamh dánta as cúig chnuasach dá chuid…
Date: 2015-09-28
Lógó gaois.ie
gaois.ie